Tá an chéad sobaldráma idirlín ar fáil faoi dheireadh in Éirinn. Tá an clár Covies bunaithe i gCathair na Mart i gCo. Mhaigh Eo agus seoladh é an deireadh seachtaine seo caite in Óstán an Castlecourt.
Bhí réamhbhreathnú eisiach ar an gcéad trí clár ar siúl don lucht féachana. Bhí an chéad chlár ar fáil ar an suíomh tvwestport.com Dé Luain seo caite ag 8.00pm agus beidh ocht gclár sa tsraith ar fad. Bhí an cruthaitheoir Len Collins ag obair ar Eastenders, The Bill agus Casualty roimhe seo.











