Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 31 Eanáir 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Dáithí Ó Sé Ag baint triail as spórt nua- galf

Ag baint triail as spórt nua- galf

Ríomhphost Priontáil PDF

mórán sa saol seo a chuireann isteach orm! Ach nuair a chuireann duine éigin (mo chailín) m’ainm le rud agus nuair a bhíonn orm dul agus rud éigin a dhéanamh ní maith liom é!
Ach níos measa ná sin arís, nuair a bhíonn orm dul agus rud éigin a dhéanamh tar éis tabhairt amach mar gheall air cúpla lá roimhe sin. Agus nuair a bhainim taitneamh as agus nuair a bhíonn orm é sin a admháil, cuireann sé seo an pip ar fad orm!


Níor imir mé Galf riamh i mo shaol. Chuas féin agus Tomás Ó Mainnín (nuacht TG4) go dtí raon gailf dhá uair le chéile nuair a thángamar go dtí an Ghaillimh ar dtús, breis is 10 mbliana ó shin.
Ba dhóigh le héinne a bhí ag féachaint orainn gur ag tochailt a bhíomar mar go raibh níos mó píosaí talún ag dul san aer ná liathróidí.


Ina theannta seo ar fad chonaic mé dhá chluiche gailf ó saolaíodh mé, Pádraig Harrington nuair a bhuaigh sé a chéad Masters agus Rory McIlroy nuair a thit an lug ar an lag air!
An argóint a bhí agam ná, ní hionann galf agus cluichí eile. Peil nó sacar ní bheadh aon fhadhb ag éinne leis. Rith agus cic a tharrac ar an liathróid ó am go chéile.


Bhí galf ar nós snámh dom ar shlí. Bhí snámh feicthe agam ar an dteilifís agus féachann sé i bhfad níos fusa go dtí go dtéann tú isteach sa linn snámha!
Chuas go dtí an ócáid pé scéal é agus sórt pus orm! Classic a bhí ann do chumann CLG in  New Jersey. Bhí gach éinne ag rá liom ná tógann éinne na cluichí seo dáiríre, fós bhí sé i mo cheann ná raibh sé seo i gceart.

Thógas an chéad bhuille! Chuaigh sé níos faide ná an triúir a bhí liom. Nílim ag magadh! Cheap na buachaillí a bhí liom go rabhas ag magadh fúthu an t-am ar fad.
Thógas an dara, tríú agus ceathrú agus bhí a fhios acu ná rabhas! Píosa ar phíosa bhíos ag fáil níos fearr agus ag baint taitneamh as (bhí cairt againn ag dul timpeall agus an aimsir go hálainn, rud a dhein rudaí nótáltha dúinn.
Ocht bpoll déag a chuireamar isteach agus tháinig mé sa tríú háit as an gceathrar againn!

 Ní rabhas ach 10 slat as an mbuille is faide ar an lá, rud a chuir ionadh ar ana chuid! Mise chomh maith.Chaitheas dul abhaile an tráthnóna sin agus admháil go raibh lá iontach agam. B’fhéidir go bhfuil an síol curtha aici agus seans go dtiocfaidh sé thar n-ais uirthi lá éigin.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter