Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 31 Eanáir 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Dáithí Ó Sé In am punt nó dhó a chailleadh

In am punt nó dhó a chailleadh

Ríomhphost Priontáil PDF

Ní bhíonn mí, seachtain ná lá ann nach mbíonn alt éigin nó píosa de chlár ann fé mheáchan!
Ag ullmhú don Rós an mhí seo chugainn beidh orm cúpla punt (an bolg) a chailliúint!
Ach má cheapas go raibh ormsa tarrac siar ón mbord, ní rabhas ach im sceach i gcomparáid leis an mbeirt a bhí ar an gclár Half Ton Teen a bhí ar Sky Living an tseachtain seo caite.


Ba thrua iad ar shlí; bhí leaid amháin, Billy Ribbons, 20, agus é 800 punt ag pointe amháin, agus an buachaill eile, John Wayne (ní an t-aisteoir) 19 agus timpeall ar 600 punt. Tháinig an bheirt acu ó Texas. An chéad cheist a chaithfimid a chur ná conas gur féidir le haon duine fáil chomh mór sin? Agus an bheirt seo chomh hóg. Sna cásanna seo níl aon dabht ann ach gurb iad na mná tí is cúis leis.


Thugadh Billy an lá sa leaba agus mam ag tabhairt bídh chuige an tam ar fad. É ag imirt cluichí ar an X bosca agus é ag féachaint ar scannáin. Bhí níos mó suime aige seo i mBlockbusters agus Dairy Queen ná a bheith ag siúl agus rud éigin a dhéanamh dó fhéin! Bheadh sé níos fusa léimt thar seo seachas siúl timpeall air.

Bhí sé chomh holc agus chomh mór uair amháin go raibh air dul go dtí an t-ospidéal. Bhí sé ar dhiltálaire bídh agus bhí sé ag cailliúint idir leathphunt agus punt gach lá. Thug sé ceithre mhí istigh! An fhad sin ar fad ní dheachaigh sé lasmuigh den doras. Cheap sé fhéin go raibh sé maith go leor chun dul abhaile, is fuair sé cathaoir rotha chun é a thabhairt amach go dtí an carr.

Thóg sé ceathrar chun é a shá isteach sa charr. I gCiarraí úsáidimid ‘cairt’ in áit ‘carr’, bheadh sé níos fusa dóibh dá mbeadh sé i dTrá Lí seachas Texas. Pé scéal é thiomáin a mháthair abhaile é.
Tháinig sé amach as an gcairt, thóg sé cúig chéim agus chaith sé é fhéin ar an gclaí.

Ní raibh sé in ann dul níos faide. Tháinig an t-otharcharr chun é a bhailiú aríst!
Chun an scéal a chríochnú, thóg sé ana-thamall don bhfear óg seo dul chun cinn beag a dhéanamh ach dhein, thosnaigh sé ag dul ag siúl sa ghairdín dhá uair sa ló agus as sin leis. Tá radharc ann ag an deireadh agus é ag siúl sa chistin agus é ag cabhrú lena mháthair agus trian den mheáchan a bhí air caillte!

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter