Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 31 Eanáir 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Dáithí Ó Sé Fathaigh mhóra ina n-easamláirí

Fathaigh mhóra ina n-easamláirí

Ríomhphost Priontáil PDF

Tá sé deacair éalú ó scéalta fé imreoirí móra spóirt sna páipéirí agus iad ann ar chúiseanna eile seachas an spórt a imríonn siad. Cuid mhaith acu in aois a 22 nó 23 agus 30,000 euro sa tseachtain, gach seachtain ina bpócaí acu. Gan dabht tá brú ana-mhór orthu na laethanta seo, ní féidir leo dul lasmuigh don ndoras mar go mbíonn daoine ann ag glacadh pictiúirí dóibh, gan trácht ar na fónanna póca. Tá ceann ag gach aon mhac máthar sa lá atá inniu ann. Ní raibh a leithéid ann 10 mbliana ó shin. Dá mbeidís ann i George Best bheadh pictiúirí sna páipéirí deirimse leat!

Cuirim an cheist go mion minic orm fhéin cad a bhí ar siúl agam ag an aois sin? Bhuel bhíos ag críochnú sa choláiste i Luimneach agus ní raibh faic eile uaim sa tsaol seo ach dul ag obair agus airgead a dhéanamh, thóg sé ana-thamall orm fáil amach nach hé an t-airgead bun agus barr gach aon rud! Ní hé go ndeineas an t-uafás airgid agus dheineas cúpla punt, ach cuimhnigh ar bhreis agus 30,000 a fháil gach seachtain agus tú ag ciceáil liathróide timpeall gach lá. Ní thabharfá obair air sin in ainm Dé!

Ach cad fúthu siad atá ina laochra spóirt agus atá ar comhaois leo siúd a imríonn le Learpholl agus le cumann rugbaí na Mumhan agus ná faigheann na mílte gach seachtain? Na laochra a imríonn do ghrá an chluiche agus atá ina n-eiseamláirí do ghach duine óg sa tír. Tá beirt a thagann chun cuimhneamh, duine amháin atá ana-shásta tar éis na bliana agus fear eile ná beidh ar an leathanach céanna. Sin iad Micheál Murphy, captaen Dhún an Gall agus Joe Canning na Gaillí. Beirt iad seo atá 23, beirt dos na himreoirí is fearr sa tír agus beirt ná faigheann pingin dá gcuid éachta!

Tá aithne agam orthu beirt agus siad an bheirt is deise agus is múinte atá ann. Labhrann siad le stroinséirí fé mar a dhéanann siad lena muintir fhéin. Fathaigh mhóra an bheirt agus ar shlí eile iad ciúin cúthaileach. Pé rud mar gheall ar a bheith ciúin cúthaileach níorbh mhaith liom a bheith á marcáil amuigh ar an bpáirc. Níl aithne agam ar aon bheirt atá chomh tomhaiste leo, i ngach aon shlí. Tá siad fós sa choláiste chomh maith agus dár ndóigh tá tuilleadh spóirt ansan, tá siad ana-óg i gcónaí agus beidh siad timpeall go ceann i bhfad.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter