RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Idirnáisiúnta

Baineann Mic léinn as Corcaigh an Chéad Duais ag an gComórtas Bliantúil d'Eolaithe Óga

 Emer Hickey, Ciara Judge agus SophieHealy-Thow ó Phobalscoil Chionn tSáille

Bronnadh an chéad duais ag an 25ú Comórtas Bliantúil d'Eolaithe Óga, ar fiú €7,000 í, ar Emer Hickey, Ciara Judge agus SophieHealy-Thow ó Phobalscoil Chionn tSáille, Corcaigh dá dtionscadal dar teideal " A statistical investigation of the effects of diazotroph bacteria on plant germination".

Is é a dúirt Máire Geoghegan-Quinn, an Coimisinéir Eorpach um Thaighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht: "Tá gealladh faoin todhchaí más é seo an leibhéal tallainne atá á chothú againn san Eoraip. Is iontach an rud é go háirithe an meascán de thaighde atá bunaithe ar fhiosracht agus de thaighde atá níos feidhmiúla a fheiceáil. Teastaíonn tuilleadh daoine óga ag staidéar eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice ar scoil uainn, agus is mian liom go speisialta tuilleadh ban óg a spreagadh le gairm i réimse na heolaíochta agus na teicneolaíochta a leanúint."

D'fhiosraigh a dtionscadal buacach an baictéar Diasatrof – atá sainaitheanta as an gcaidreamh siombóiseach atá aige le plandaí den fhine léagúmach mar go soláthraíonn sé fuinneamh don phlanda nuair a bhíonn borradh faoin mbaictéar, tríd an bpróiseas fosaithe nítritigine. Leag an tionscadal amach clár fairsingíoch trialach chun tionchar baictéir dá sórt a mheas ar speicis barr neamhléagúmacha. Léiríonn na torthaí go dtáirgíonn dhá chineál baictéar Diasatrof den fhine risibian luathú suntasach staitistiúil (méadú de 17% le haghaidh Risibiam léagúmanasarum agus méadú de 28% le haghaidh Risibiam seapánach; p<001) i ráta ginidithe bairr eorna.

Le cois an chéad duais a bhaint, fuair na cailíní ó Phobalscoil Chionn tSáile, atá idir 15 agus 16 bliain d'aois, Gradam Onórach (nasctha leis na chéad duaiseanna)  le dul go dtí an fóraim "London International Youth Science Forum 2013".

D'éirigh go han-mhaith le heolaithe óga na hÉireann i dtaca leis an gComórtas Eorpach d'Eolaithe Óga (EUCYS), agus thug siad leo an chéad duais cúig uaire déag le cúig bliana agus fiche anuas. Anuraidh is iad Mark Kelly agus Eric Doyle ó Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Synge ,Baile Átha Cliath agus i 2011 ba é Alexander Almini ó Choláiste Chaisleán Chnuca, Baile Átha Cliath a bhain.

Tuilleadh

Tháinig na saoithe óga eolaíochta is fearr san Eoraip le chéile inniu i bPrág don 25ú Comórtas bliantúil d'Eolaithe Óga (EUCYS 2013). Chuir 126 eolaí óg a bhfuil gealladh fúthu agus atá idir 14 agus 21 bliain d'aois a dtionscadal i láthair i ndóchas go rachaidís i gcion ar an ngiúiré idirnáisiúnta. Bhí duaischiste €54 500 le roinnt idir na buaiteoirí, chomh maith le duaiseanna eile amhail turais eolaíochta

Tugadh 85 tionscadal ó 37 tír chun Prág don chomórtas, ó Bhallstáit an AE agus ó thíortha comhlachais agus idirnáisiúnta.  Chomh maith leis an searmanas bronnta, bhí deis ag na heolaithe óga a dtionscadail a chur ar taispeáint i dtaispeántas ceithre lá agus páirt a ghlacadh i roinnt ceardlann agus fo‑chomhdhálacha.

In all there are 3 first prizes of €7000 each, the other two being awarded to Perttu Pölönen from Finland for “Music A' Clock” and Frederick Turner from the United Kingdom for "Genetics at home: Building a PCR machine and other equipment for setting up a home genetics lab". The three second prizes were given Austria, Germany, Switzerland, and three third prizes to projects from Hungary, Germany and Belarus.

San iomlán tá trí dhuais don chéad áit dar luach €7,000 an ceann, agus bronnadh an dá cheann eile ar Perttu Pölönen as an bhFionlainn le haghaidh "Music A' Clock" agus ar Frederick Turner as an Ríocht Aontaithe le haghaidh "Genetics at home: Building a PCR machine and other equipment for setting up a home genetics lab". Bronnadh na trí dhuais don dara háit ar an Ostair, an Ghearmáin agus an Eilvéis, agus bronadh na trí dhuais don tríú háit ar an Ungáir, an Ghearmáin agus ar an mBealarúis.

Ba é an Dr Henrik Aronsson ó Ollscoil Göteborg na Sualainne a bhí ina chathaoirleach ar an ngiúiré. Bhí an chéad duais buaite ag na hiomaitheoirí uile cheana i gcomórtais náisiúnta eolaíochta a dtíre féin. Chuimsigh na tionscadail raon fairsing de réimsí eolaíochta: bitheolaíocht, fisic, ceimic, ríomhaireacht, eolaíochtaí sóisialta, comhshaol, matamaitic, eolaíocht na n-ábhar, innealtóireacht agus leigheas.

An cúlra

Bhunaigh an Coimisiún Eorpach Comórtas an Aontais Eorpaigh d'Eolaithe Óga in 1989 le comhar agus malartú a spreagadh idir eolaithe óga agus le deis a thabhairt dóibh treoir a fháil ó roinnt de na taighdeoirí is iomráití san Eoraip. Reáchtáladh an chéad chomórtas sa Bhruiséil agus ó shin i leith reáchtáladh in 23 cathair éagsúil san Eoraip é.

Is é aidhm an chomórtais tacú leis na hiarrachtaí atáthar a dhéanamh sna tíortha rannpháirteacha daoine óga a mhealladh le staidéar a dhéanamh i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice; agus le gairm a roghnú a bhaineann le heolaíocht agus le taighde. Ó 1989 i leith, tá líon na n-eolaithe óga a ghlacann páirt ann méadaithe bliain i ndiaidh bliana: 59 a bhí páirteach sa chéad chomórtas, 126 a ghlac páirt ann in 2013, agus is in 2009 i bPáras a bhí an bhuaic nuair a ghlac 137 iomaitheoir páirt ann.

Léiríonn líon na mban a bhíonn páirteach sa chomórtas an fhadhb ghinearálta nach mbíonn an oiread sin ban bainteach le réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice. I mbliana, mná a bhí i mbeagán faoi bhun 35% de na hiomaitheoirí (44 bean i gcomparáid de 82 fear). Ba in 1997 a sháraigh líon na n‑iomaitheoirí ban tairseach an 30% den chéad uair, agus ó shin i leith tá sé fanta idir 30% agus 35% den chuid is mó; in 2005 a bhí buaic ann le 41%. Le 25 bliain anuas, tá duais bainte ag 168 cailín agus 576 buachaill.

Tá na sonraí uile faoi chomórtas na bliana seo ar fáil ag:http://media.eucys2013.cz/.

Bronnadh €7000 ar gach ceann de na trí fhoireann a bhain an chéad duais. Fuair na foirne a tháinig sa dara agus sa tríú háit €5000 agus €3500 faoi seach. Ar na duaiseanna eile a dáileadh bhí turais chuig an bhfóram idirnáisiúnta d'eolaíocht na n‑óg i Londain Shasana agus chuig an seimineár idirnáisiúnta d'eolaíocht na n-óg i Stócólm na Sualainne; bhí duaiseanna a thug na hurraitheoirí corparáideacha amhail turais chuig Intel ISEF sna Stáit Aontaithe, chomh maith le duaiseanna ó sheirbhís eolaíochta an Choimisiúin féin, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, ó Eiroforum, grúpa eagraithe taighde uile-Eorpaigh, agus ó Oifig Paitinní na hEorpa.

Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas agus faoi na buaiteoirí ar fáil ag: http://ec.europa.eu/research/youngscientists/index_en.cfm

Baineann Mic léinn as Corcaigh an Chéad Duais ag an gComórtas Bliantúil d'Eolaithe Óga (2)

An tAire Deenihan ag freastal ar Chuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir in Sydney na hAstráile

Inniu (25/08/13), d'fhreastail Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir ar Chuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir i Hyde Park Barracks, Sydney, an Astráil.  Is é seo an 5ú Cuimhneachán Idirnáisiúnta ar an nGorta Mór.  Reáchtáladh imeachtaí roimhe seo i mBostún, Nua-Eabhrac, Learpholl agus i gCeanada.

Bhí an ócáid i Hyde Park Barracks ar bun ag Séadchomhartha na hAstráile do Ghorta Mór na hÉireann a thugann ómós don iliomad duine a bhásaigh nuair arbh éigean dóibh dul ar imirce le linn an Ghorta.  Tá an séadchomhartha bunaithe ar os cionn 4,000 ban óg singil a tháinig chun na hAstráile, arbh dhílleachtaí óga sna déaga mórán díobh. Chuaigh siad chun na tíre sin ar scéim speisialta imirce a raibh sé mar aidhm léi cailíní bochta a aistriú ó theacht na mbocht in Éirinn le linn an Ghorta Mhóir.  Tháinig na mná óga seo as tithe na mbocht ar fud 32 contae na hÉireannagus bhí mórán de shliocht na mban i láthair ag searmanas an lae inniu.

Tháinig ócáid an lae inniu sna sála ar chlár imeachtaí a bhí ar bun le seachtain anuas chun an Gorta a thabhairt chun cuimhne i Sydney.  I measc na n-imeachtaí sin bhí seoladh an 'Atlas of the Great Irish Famine' agus seimineár ar an nGorta ar ar fhreastail staraithe mór le rá.

Dúirt an tAire Deenihan:

"Táimid anseo inniu chun íospartaigh Ghorta Mór na hÉireann a thabhairt chun cuimhne agus ceiliúradh a dhéanamh ar an saol a rinne na himircigh dóibh féin sa chathair seo agus ar fud na hAstráile, chomh maith leis na naisc leanúnacha idir ár bpobail atá fós beo sa lá atá inniu ann.   Mar gheall ar na dílleachtaí óga agus an dream eile a chuaigh ar imirce ag an am sin, ní amháin go bhfuil an Gorta ina chuid de stair na hÉireann ach tá sé ina chuid de stair na hAstráile chomh maith.  Mar gheall ar an nasc ar leith sin, tá ár dtíortha fite fuaite ina chéile.  Tá sé tábhachtach, i mbliain seo an Tóstail, nach ndéanfaimis dearmad ar a scéalta."

Dúirt an tAire freisin "Ceann de phríomhaidhmeanna Chuimhneachán an lae inniu agus, go deimhin, Coiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir ar a bhfuil mé i mo chathaoirleach, ná aird a tharraingt ar fhadhb an ghorta ar fud an domhain.  Mar thoradh ar an nGorta Mór, tá atrua mhór ag muintir na hÉireann dóibh siúd atá ag fulaingt de bharr gorta ar fud an domhain sa lá atá inniu ann agus tá tiomantas láidir iontu do chabhair agus d'fhóirithint dhaonnúil.  Is í taithí stairiúil na hÉireann ar an Ocras is bunús le tiomantas láidir Rialtas na hÉireann do dhul i ngleic leis an ocras ar fud an domhain - ón mbonn aníos agus ar bhonn fadtéarmach - trí laghdú ar bhochtaineacht agus, freisin, trí chuidiú tapa éigeandála a chur ar fáil do na tíortha sin atá ag fulaingt de bharr gorta."

Ní mór don AE a thuilleadh ar dhéanamh ar mhaithe le haos óg na hEorpa - Liam Aylward FPE

Ní foláir do cheannairí an AE deireadh a chur leis an gcaint faoi ‘ghlúin chaillte’ agus gníomhaíochtaí agus réitigh cinnte a mholadh ar mhaithe le haos óg na hEorpa; b’shin a bhí le rá ag Liam Aylward FPE, toghcheantar Éire Thoir, le linn díospóireachta i bParlaimint na hEorpa in Strasboug inniu maidir le “Straitéis Óige an AE a chur i bhFeidhm”.

Ag labhairt le linn díospóireachta maidir leis an Tuarascáil ar an Straitéis don Óige, ghríosaigh an tUasal Aylward ceannairí an AE agus údaráis na mBallstáit “deireadh a chur leis an gcaint ar thubaiste na ‘glúine caillte’ agus in ionad sin bearta a chur i bhfeidhm a chabhródh le daoine óga oiliúint nó post a fháil agus an bearna scileanna a laghdú.”

“Ní mór a thuilleadh a dhéanamh chun dul i ngleic leis an ndífhostaíocht i measc na n-óg, deiseanna oideachais agus oiliúna a spreagadh agus breis maoinithe spriocdhírithe a bhaint amach do dhaoine óga.  Ní foláir go mbeadh béim shoiléir i mbeartas uile an AE ar cheist na hóige agus ní mór do na Ballstáit an t-airgead agus na huirlisí atá ar fail dóibh a chur i bhfeidhm go héifeachtach.”

Deacrachtaí

Luaigh an tUasal Aylward na deacrachtaí atá ann ó thaobh oiliúint nó fostaíocht  fhiúntach a bhaint amach agus dúirt “tá méadú tagtha le tamall anuas ar an bhfostaíocht sealadach neamhbhuan agus is iad conarthaí gearrthréimhseacha nó páirtaimsearthataithí oibre gan íocaíocht anois atá á dtairiscint do dhaoine óga in áit na bpost ceart a bhí ann go dtí sin.  Is deacracht suntasach do dhaoine óg é sin.”

“Ní amháin go bhfuil drochthionchar eacnamaíocht agus sóisialta ag an ngéarchéim fostaíochta ach tá sé ag cur isteach freisin ar chumas an aosa óig saol neamhspleách a bheith acu.  Tionchar féideartha eile ná go mbuailfeadh fadhbanna móra meabhairshláinte, cosúil leis an dúlagar, daoine óga.  Is iad siúd is leochailí nó is mó faoi mhíbhuntáiste sa tsochaí a bhíonn thíos is mó leis an scéal freisin, agus iad i mbaol ón eisiamh sóisialta nó baol ann nach mbeidh siad in ann deiseanna ar bith sóisialta nó gairmiúla  a bhaint amach.”

Cé gur chur an tUasal Aylward fáilte roimh an €6 billiún a bheidh ann chun dul i ngleic leis an ndífhostaíocht i measc óige an AE, dúirt sé nach leath a’dhóthain a bhí sa mhéid sin chun ghaidh ceart a thabhairt ar na deacrachtaí atá ann d’aos óg na hEorpa.

Mhol an feisire Éireannach freisin go mhéadófaí an uas-aois atá ann do Scéim an Ghealltanais don Óige – atá sé mar aidhm aige fostaíocht nó oiliúint fhiúntach ar chur ar fáil do dhaoine óige – ó 25 bliain d’aois go 30 bliain d’aois.

Cás drochriaracháin a bhí i dteip Phlarlaimint na hEorpa a suíomh a chur ar fáil i nGaeilge

Seo a leanas preaseisiúint de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge:

Cinneadh déanta ag an Ombudsman Eorpach gur cás drochriaracháin a bhí i dteip Pharlaimint na hEorpa a láithreán gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge

Tar éis don Ombudsman Eorpach gearán i gcoinne Pharlaimint na hEorpa a rinne an Dr Pádraig Ó Laighin a fhiosrú, chinn sé gur chás drochriaracháin a bhí i gceist. 

Ba é cás an ghearánaigh gur theip ar an bParlaimint, ó 1 Eanáir 2007 i leith, a leathanach baile agus leathanaigh ábhartha eile ar a láithreán gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge ar bhonn leordhóthanach agus comhréireach. D’áitigh sé go raibh an Pharlaimint ag gníomhú go hidirdhealaitheach, agus go raibh drochriarachán ann, toisc nár chuir sí na leathanaigh sin ar fáil i nGaeilge ar bhonn leordhóthanach agus comhréireach.

Rinneadh an gearán in Aibreán 2012, agus mhair an fiosrúchán breis is bliain. D’iarr an tOmbudsman ar an bParlaimint tuairim a chur ar fáil maidir leis an ngearán, agus tugadh deis don ghearánach a bharúlacha ar an tuairim a chur faoina bhráid.

De bhrí gur aimsigh sé drochriarachán, sheol an tOmbudsman Dréachtmholadh chuig Parlaimint na hEorpa agus cóip de chuig an Dr Ó Laighin an 31 Iúil 2013. Deir an doiciméad an méid seo a leanas:

    I dtuairim an Ombudsman, chuir an Pharlaimint teorainn dhochosanta agus dhíréireach le 
    húsáid na Gaeilge ar a láithreán gréasáin, sa mhéid is nár sholáthair sí í ar chor ar bith. Is cás 
    de dhrochriarachán é sin. (Paragraf 41, lch. 10)

Tugann an chuid seo de mheasúnú an Ombudsman míniú breise ar an bpointe sin:

    Dá bhrí sin, sa mhéid a d’agair an Pharlaimint easpa foirne d’fhonn tacú lena seasamh, tá an 
    Ombudsman den tuairim nach leor cúrsaí den sórt sin chun é a bheith de cheart aici 
    neamhaird iomlán a thabhairt ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil AE, ach amháin 
    i gcás ina mbeadh na deacrachtaí roimpi agus í ag tabhairt éifeacht éigin don réaltacht sin 
    dosháraithe. 

Tá an tOmbudsman den tuairim nár léirigh an Pharlaimint gurb amhlaidh atá. Ar aon chor, fiú má bhí sé amhlaidh, is léir go bhfuil fáth na Parlaiminte gan aon rud a aistriú go Gaeilge in aon rannán dá láithreán gréasáin díréireach. 

Mar a d’áitigh an gearánach, níor cheart na hacmhainní uile atá ar fáil a chaitheamh chun 22 teanga oifigiúil a chur ar fáil ina n-iomláine agus faillí iomlán a dhéanamh in aon teanga oifigiúil amháin. Mura bhfuil na hacmhainní daonna atá ar fáil go hinmheánach dóthanach, d’fhéadfadh an Pharlaimint breithniú a dhéanamh cuid den obair a ligean amach ar conradh, mar a mhol an gearánach. (Paragraf 38, lch. 10)

Bhí fáthanna éagsúla tugtha ag an bParlaimint dá seasamh, ach chinn an tOmbudsman Eorpach, i bhfianaise bharúlacha an ghearánaigh, nár leor iad mar bhonn cirt dá cleachtas gan ar a laghad cuid de na leathanaigh is ábhartha ar a láithreán gréasáin a sholáthar i nGaeilge. 

Dar leis an Ombudsman, theip ar an bParlaimint na moltaí a chuir sé faoina bráid níos túisce a chur i bhfeidhm, agus go raibh sí dá dheasca sin ag tabhairt an comhartha mícheart maidir lena meas ar shaoránaigh a úsáideann an Ghaeilge ina dteagmhálacha léi.

Nuair a aimsíonn an tOmbudsman drochriarachán cuireann sé dréachtmholadh faoi bhráid na hinstitiúide atá i gceist. Sa chás seo, seo a leanas an dréachtmholadh: 

    Ba cheart don Pharlaimint, de réir a chéile agus de réir amchlár atá ar fáil go poiblí, úsáid 
    leordhóthanach agus chomhréireach na Gaeilge ar a láithreán gréasáin a áirithiú. Mar 
    íosmhéid, ba cheart don Pharlaimint a áirithiú go bhfuil aon rannáin ina dtugtar cuireadh don 
    saoránach idirghníomhú leis an bParlaimint, ar fáil i nGaeilge. 

De réir Reacht an Ombudsman Eorpaigh, tá dualgas ar an bParlaimint an dréachtmholadh a fhreagairt i dtuairim mhionsonraithe faoin 31 Deireadh Fómhair 2013. Níor fhág an tOmbudsman aon spás don Pharlaimint moilleadóireacht a dhéanamh faoi chur i bhfeidhm a dhréachtmholta. 

“Is éard a bheadh i gceist leis an tuairim mhionsonraithe glacadh leis an dréachtmholadh agus cur síos maidir le conas a cuireadh chun feidhme é,” a deir an tOmbudsman sa doiciméad.  

“Is dul chun cinn suntasach é dréachtmholadh an Ombudsman Eorpaigh maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach,” a deir Pádraig Ó Laighin. “Léiríonn an cás seo gur féidir le saoránach dul i ngleic trí phróiseas daonlathach le hinstitiúid Eorpach atá ag feidhmiú go leatromach, agus bua a bhreith uirthi.”

Dréachtmholadh i nGaeilge agus i mBéarla:
http://aroconnect.com/tracking/Link.aspx?MessageID=29622882&LinkID=256950 
http://aroconnect.com/tracking/Link.aspx?MessageID=29622882&LinkID=256951 

{jcomments on}

Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06
Foinse Deis cógais níos saoire a chur ar fáil d'othair - http://is.gd/duhG26 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:53AM Jun 06
Foinse Teachtaireacht ó cheannaire Al-Qaeda do mhuintir na Siria - http://is.gd/B1udmP - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:48AM Jun 06