Le málaí á n-iompar ag scata dínn agus sparáin gan phoill á lorg againn, is cosúil go bhfuil glaschnoic na hAstráile ag mealladh formhór na nÉireannach. Tuigim dóibh an t-aistear ar son aimsir dheas agus saol cois trá. Cuirimse an locht ar ‘Home and Away’ don tarraingt sin ar an Astráil, ach tá cairde níos cóngaraí dúinn ag fáiltiú romhainn freisin, thar dhroichead toinne an Atlantaigh.
Is geall le saighdiúir de chuid Titan é féin oileán Thalamh an Éisc agus é mar charraig aonair san fharraige mhór agus buailte ar chósta thoir Cheanada. Nuair a thagann tú chomh fada leis ní fada go mbeidh tú mar a bhí lucht ite na loiteog san Odaisé agus gan fonn ort an t-oileán a fhágáil go deo. Is ann atáim ag múineadh na Gaeilge le roinnt míonna anuas le clár Gaeilge an ICUF (Fondúireacht Ollscoile na hÉireann agus Cheanada). Buaicphointí go dtí seo? Scátáil, sciáil, haca, cnoic oighir san fharraige, bádóireacht, dreapadóireacht, mús ar bhóithre, cairde nua, Gaeilgeoirí spreagtha, ceol iontach agus ‘poutine’ (sceallóga le cáis agus Bisto!).
Más céimí le Gaeilge thú atá paiseanta faoi chur chun cinn na teanga, seo deis éagsúil duit. Maíonn 36 milliúin duine i Meiriceá Thuaidh go bhfuil oidhreacht Éireannach acu. Más suim le haon trian díobh an Ghaeilge, sin athbheochan na Gaeilge ar scála nach bhfacthas riamh!
Cuireann sé gliondar orm nuair a bheannaíonn mo mhic léinn dom i nGaeilge le blas Cheanadach agus iad ag gabháil tharam sna pasáistí ó lá go lá. Cé a chreidfeadh é ach tá éileamh níos mó ar an nGaeilge san Ollscoil ina bhfuilimse ná mar atá ar an tSeapáinis nó an tSínis fiú! Tá foghlaimeoirí na Gaeilge i gCeanada spreagtha i leith na teanga agus iad ar bís chun tabhairt faoin dúshlán.
Cuirfidh an taithí le Clár Gaeilge an ICUF do theanga agus do thír dhúchais ar do shúile duit trí dhearcadh úrnua mhuintir Cheanada ina leith. Tá níos mó eolais faoi riachtantais agus faoi cháilíochtaí atá ag teastáil ó iarrathóirí le fáil ag www.icuf.ie/clar-gaeilge agus sonraí faoi na folúntais seo do mhúinteoirí Gaeilge i Montréal, Albain Nua, Nua Brunswick, Talamh an Éisc agus Toronto.
Tá mála lán síolta ag gach imirceach dá bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Tá geata an ghoirt oscailte dúinn agus fáilte romhainn inti. Bí páirteach i mborradh fhás na Gaeilge i gCeanada agus déan d’ iarratas roimh an 1ú Márta 2012.





