Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 17 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Idirnáisiúnta Éiginnteacht maidir le todhchaí an Chláir um Chúnamh bia

Éiginnteacht maidir le todhchaí an Chláir um Chúnamh bia

Ríomhphost Priontáil PDF

Éiginnteacht maidir le todhchaí an Chláir um Chúnamh bia do dhaoine díothacha ag cur daoine i mbaol – Liam Aylward FPE

Tiomantas ar bith ó cheannairí an AE maidir le todhchaí an Chláir i ndiaidh 2013

Ní chóir do cheannairí an AE arm polaitiúil a dhéanamh de chlár a chuireann bia ar fáil dóibh siúd is boichte san AE; b’shin a bhí le rá ag Liam Aylward inné le linn díospóireachta i bParlaimint na hEorpa maidir le leanúint in 2012 agus 2013 le clár a chuireann bia ar fáil dóibh siúd is boichte san Aontas.

Bhí an feisire Eorpach ó dháilcheantar Oirthear na hÉireann ina ionadaí don ghrúpa Parlaiminteach ALDE ar an dTuarascáil agus cháin sé athuair ceannairí an AE de bharr a dteipe tiomantas a thabhairt do todhchaí an chláir i ndiaidh 2013.

“Nuair a labhair mé ar an tsaincheist seo anuraidh d’impigh mé ar na ceannairí Eorpacha an mionlach blocála de sé bhallstát a bhriseadh agus beagán céille – agus trócaire – a bheith acu agus leanúint leis an Scéim, go háirithe anois agus an géarchéim eacnamaíoch ag cur brú breise ar mhuintir na hEorpa.”

Tá an Clár, a chuireann béilí ar fail dóibh siúd is boichte san AE, i bhfeidhm ón mbliain 1987 i leith agus is mionlach blocála de sé thír – An Ghearmáin, an Bhreatain, an Laitvia, an Ísiltír, an Danmhairg, an tSualainn agus Poblacht na Seice – a bhí á chur i mbaol.  Thángthas ar réiteach i mí na Nollag nuair a shocraíodh ar leanúint leis an Scéim do na blianta 2012 agus 2014, gan socrú ar bith ó 2014 ar aghaidh.

“Is cúis áthais dom í go bhfuil sé cinnte anois go mbeidh an Scéim ann ar feadh dhá bhliain eile ach ní foláir socraithe a chur i bhfeidhm don tréimhse ó 2014 ar aghaidh.  Faoi láthair, tá 13 milliún duine i 19 ballstát atá ag brath ar an Scéim seo le bia a fháil agus seans, leis an ngéarchéim eacnamaíoch, go dtiocfaidh méadú fós ar na huimhreacha sin.  Ní mór leanúint leis an scéim sa tslí is go mbíonn foinse bhia chinnte ann dóibh siúd atá i mbaol bochtaineacht an bhia.”

“Tuigtear dom go bhfuil daoine ann atá in aghaidh na scéime mar gheall ar cheisteanna buiséadacha agus coimhdeachta agus toisc go mbraitheann siad go bhfuil forluí ann leis an inniúlacht náisiúnta. Is mór an chaint í sin, ach ag deireadh lae tá 43 milliún duine san AE atá i mbaol na bochtaineachta bia agus tá 13 milliún duine atá ag brath ar an Scéim le bia a fháil.  Tá scéim anois againn a freastalaíonn ar riachtanais na ndaoine sin agus is luach maith ar an €500 milliún a chuirtear isteach sa scéim iad na dea-thorthaí praiticiúla a bhíonn léi.  Ní foláir do cheannairí an AE a chinntiú go leantar leis.”

Beidh Parlaimint na hEorpa ag vótáil inniu ar an dTuarascáil maidir le todhchaí na scéime um bhia a leithdháileadh orthu siúd is díothaí san Aontas do na blianta 2012 agus 2013.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

An aontaíonn tú gur cheart bunscoileanna beaga a dhúnadh ar fud na tíre?



Torthaí

Twitter

 
Foinse Kenny Dalglish briste as a phost - http://t.co/pbcSEjhd - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 11 hours ago
 
Foinse Díríonn alt faisin na seachtaine seo in Foinse ar Stíl na dTreibheanna le hearraí ó @NewLookFashion @nextofficial @brownthomas & tuilleadh
About 12 hours ago