RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Idirnáisiúnta Connie McNamee ceaptha ina huachtarán ar Scoil na Gaeilge in Sydney

Connie McNamee ceaptha ina huachtarán ar Scoil na Gaeilge in Sydney

IG_connie_mcnamee

Ceapadh Connie McNamee, as Contae an Chabháin ó dúchas, ina huachtarán ar Scoil na Gaeilge in Sydney san Astráil le déanaí. Is cumann do Ghaeilgeoirí sa chathair é.

Bunaíodh an scoil in 2007 agus tá sí ag dul ó neart go neart ó shin - rinne thart ar 120 duine staidéar ar an teanga ann go dtí seo.

Tá Connie ina cónaí san Astráil le 22 bliain anuas. D’fhoghlaim sí a cuid Gaeilge ar scoil in Éirinn ach d’fhill sí ar an teanga arís ag scoil samhraidh a reáchtáladh i Sydney thart ar deich mbliana ó shin.

“Ba mhaith liom líon na ndaoine atá ag foghlaim na teanga i Scoil na Gaeilge a ardú agus ní­os mó tacaí­ochta a thabhairt do na mic léinn agus do na múinteoirí a fhreastalaíonn uirthi,” arsa Connie.

Bíonn ceithre rang Gaeilge ar fáil Dé Luain san ‘Gaelic Club’ i lár na cathrach agus freastalaíonn thart ar daichead duine orthu. Is Éireannaigh iad 40 faoin gcéad de na foghlaimeoirí reatha atá ag an scoil agus is as an Astráil agus as tíortha eile iad na foghlaimeoirí eile.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Foinse Iallach ar Healy Camchuairt na Leon a fhágáil mar gheall ar ghortú - http://is.gd/100HLU - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:09AM Jun 07
Foinse Fiosrúchán ar bun maidir leis an tine ar thraen ó Bhéal Feirste go B - http://is.gd/xp7Iep - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
10:45AM Jun 07
Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06