RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Idirnáisiúnta Fiosrúchán foirmiúil san Astráil maidir le glaoch bréige chuig ospidéal i Londain

Fiosrúchán foirmiúil san Astráil maidir le glaoch bréige chuig ospidéal i Londain

Tá lucht faire na meán san Astráil tar éis tús a chur le fiosrúchán foirmiúil anois maidir le glaoch bréige a rinneadh chuig ospidéal i Londain, a raibh cóir leighis á cur ar Bhandiúc Cambridge ann.

Bhí an Bandiúc, Kate Middleton san ospidéal an tseachtain seo caite le drochthinneas maidine agus é fógartha go raibh sí ag súil le páiste. Rinne beirt ceirneoirí as an Astráil iarracht glaoch ar an ospidéal, ag ligean orthu féin gurb í Banríon na Breataine a bhí ann agus an Prionsa Charles.

Is í an bhanaltra Jacintha Saldanha, (46), a d’fhreagair an glaoch uathu seo agus chuir sí tríd an glaoch chuig banaltra eile san ospidéal. Fuarthas amach ina dhiaidh seo gur glaoch bréige a bhí ann.

Ní raibh sé ach laethanta ina dhiaidh sin nuair a thángthas ar chorp Jacintha. Tá tuairiscí éagsúla ag maíomh gur chuir sí lámh ina bás féin ach níl sé seo deimhnithe go fóill.

Deirtear go bhfuil an fiosrúchán chun díriú ar an dream a bhfuil ceadúnas acu don stáisiún raidió féin, 2DayFM seachas ar na ceirneoirí a rinne an glaoch.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
02:23AM Nov 01