RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Idirnáisiúnta Seoldadh Chlár Chuimhneacháin Náisiúnta agus Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir

Seoldadh Chlár Chuimhneacháin Náisiúnta agus Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir

SEOLADH CHLÁR CUIMHNEACHÁIN NÁISIÚNTA AGUS IDIRNÁISIÚNTA AN GHORTA MHÓIR AG AN DEALBH‘FAMINE’ AR CHÉ THEACH AN CHUSTAIM

An tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn a bheidh i gceannas ar an ionadaíocht oifigiúil ag an ócáid Náisiúnta ar an 12 Bealtaine 2013

Thug Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; Ambasadóir na hAstráile, A Soilse an Dr Ruth Adler; Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir i Sydney, an Dr Perry McIntyre; agus Méara Chill Rois, an Comhairleoir Mairéad O’Brien, cuairt ar láthair chuimhneacháin an Ghorta Mhóir ar Ché Theach an Chustaim inniu (31 Eanáir 2013) chun Clár Chuimhneachán Náisiúnta agus Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2013 a sheoladh.

Seoladh an clár ag an dealbh dhoilíosach le Rowan Gillespie, dar teideal‘Famine’, a choimisiúnaigh Norma Smurfit agus a bhronn sí ar Chathair Bhaile Átha Cliath i 1997. Suite ar Ché Theach an Chustaim, is léiriú truamhéalach é ar choirp thanaí chreatacha na ndaoine a raibh orthu dul ar imirce ó Éirinn le linn an Ghorta Mhóir.

Tionólfar Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir i mbliana i gCill Rois, Contae an Chláir, ar an 12 Bealtaine 2013. Is é an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn a bheidh i gceannas ar an ionadaíocht oifigiúil ag Cuimhneachán Náisiúnta na bliana seo.

Dúirt an tAire Deenihan:

‘Thar ceann Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn as glacadh leis an gcuireadh bheith i gceannas ar an ionadaíocht oifigiúil ag Cuimhneachán Náisiúnta na bliana seo i gCill Rois, Contae an Chláir. Agus an tUachtarán páirteach san ócáid chuimhneacháin seo, is léir meas mhuintir na hÉireann ar íospartaigh an Ghorta Mhóir agus go deimhin orthu siúd a fhulaingíonn ón ngorta ar fud na cruinne.

‘Is ar rannpháirtíocht an phobail áitiúil is mó atáthar ag brath chun go n-éireoidh le Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir. Chas oifigigh ó mo Roinn le toscairí ó Chomhairle Baile Chill Rois agus leis an gcoiste eagraithe áitiúil chun tosú ar chuimhneachán na bliana seo a phleanáil. Is cúis áthais dom an spiorad agus an tacaíocht láidir atá sa phobal agus iad ag ullmhú i gcomhair an tsearmanais ar an 12 Bealtaine chomh maith leis an gclár imeachtaí gaolmhara áitiúla. Is ócáid ghéar shollúnta a bheidh ann, i gcuimhne orthu siúd go léir a d’éag, a d’fhulaing agus a chuaigh ar imirce le linn na tréimhse tubaistí sin i stair na tíre seo.’

Dúirt Méara Chill Rois, an Comhairleoir Mairéad O’Brien:

‘Tá ceangal láidir stairiúil ag Cill Rois leis an nGorta Mór agus buaileadh an baile go holc lena linn. Is iontach an rud é go bhfuil aitheantas tugtha anois don cheangal seo agus Cill Rois roghnaithe mar bhaile óstach do Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir in 2013.’

Chomh maith le Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir, tá clár cuimsitheach imeachtaí áitiúla á ullmhú i láthair na huaire agus beidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ina sheoid i measc na n-imeachtaí a thionólfar i gContae an Chláir mar chuid de Thóstal 2013. Oibreoidh diaspóra na hÉireann san Astráil agus muintir Chill Rois as lámha a chéile chun clár comhtháite Chuimhneacháin Náisiúnta agus Idirnáisiúnta a chruthú in 2013. Is clár é seo a thabharfaidh ómós mar is cuí dóibh siúd go léir a d’éag agus a chuaigh ar imirce le linn na tréimhse tubaistí sin i stair na tíre seo.

Tionólfar Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir i Sydney Dé Domhnaigh, 25 Lúnasa.

Dúirt an tAire Deenihan:

‘Táim ag súil go mór le bheith ag obair le Coiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir i Sydney agus le pobal Sydney chun a chinntiú go dtabharfar chun cuimhne ar bhealachspeisialta iad siúd go léir a d’imigh ó Éirinn go dtí an Astráil le linn na tréimhse tubaistí sin i stair na tíre seo, agus chun aitheantas a thabhairt don bhuancheangal idir mhuintir na hÉireann agus muintir Sydney, ceangal nach mbrisfear go deo.

‘Cuimhnímid orthu siúd go léir a d’fhág Éire le linn an Ghorta Mhóir agus a chuaigh go dtí an Astráil, go háirithe ar na 4,412 mná óga agus cailíní a d’fhág tithe oibre na hÉireann idir 1848 agus 1850 faoi scéim an Iarla Grey, a thaistil lán dóchais agus iad ar thóir saoil nua. Tugaimid onóir dá gcuid móréachtaí sa tír nua ar chuir siad fúthu inti agus don tionchar neamhghnách a bhí acu ar an saol ansiúd; déanaimid comóradh freisin ar an mbuancheangal idir mhuintir na hÉireann agus muintir Sydney, ceangal nach mbrisfear go deo.’

Fógrófar a thuilleadh sonraí maidir le clár Cuimhneacháin Náisiúnta agus Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir gan mhoill.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
10:49AM Oct 23