Cuireann Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada clár bliantúil dámhachtainí malartacha ar fáil idir ollscoileanna Cheanada agus ollscoileanna na hÉireann, clár atá oscailte do gach disciplín acadúil.
Bhunaigh an Dr. Craig Dobbin, Talamh an Éisc, agus an Dr. Pádraig Ó hIrghile, iar-Uachtarán na hÉireann, an Fhondúireacht sa bhliain 1994. Sa bhliain 2004 tugadh aitheantas don Fhondúireacht freisin i Meabhrán Tuisceana idir rialtas Cheanada agus rialtas na hÉireann.
Cuireann an Fhondúireacht dámhachtainí ar fáil chun tacú le teagasc na Gaeilge in ollscoileanna áirithe i gCeanada, le maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Is mian leis an bhFondúireacht Teagascóirí Gaeilge a cheapadh le haghaidh na tréimhse naoi mí, Meán Fómhair 2013 – Bealtaine 2014. Táthar ag súil go gceapfar triúr teagascóirí ar a laghad i mbliana. Cinnteofar é seo ar an suíomh gréasáin roimh spriochdháta d'iarratais. Seo a leanas liosta na n-ollscoileanna comhpháirtíochta:
University of St. Michael’s College, University of Toronto, Ontario
Concordia University, Montreal, Quebec
St. Francis Xavier University, Antigonish, Nova Scotia
St. Mary’s University, Halifax, Nova Scotia
St. Thomas University, Fredericton, New Brunswick
Memorial University, St. John’s, Newfoundland
University of Ottawa, Ontario
Tabharfar deis do mhúinteoirí reatha barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna múinteoireachta agus cur lena n-eolas faoi shochaí agus faoi chultúr Cheanada ionas gur féidir leo tarraingt orthu tar éis dóibh filleadh ar Éirinn.
Tá tuilleadh eolais faoi na dámhachtainí, faoi na téarmaí agus faoi na coinníollacha, agus foirmeacha iarratais ar fáil ag www.icuf.ie. Is féidir fiosrúcháin a sheoladh chuig gaeilge@icuf.ie.
Is é an Luan, 4 Márta 2013, an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais.











