RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Náisiúnta

Tacaíocht léirithe do Chairt na Ceathrún Gaeltachta i dTuaisceart Éireann

Léirigh an tAire Cultúir, Carál Ní Chuilín, an tAire Oideachais, John O’Dowd, agus an tAire Comhshaoil, Mark H Durkan, a dtacaíocht do Chairt na Ceathrún Gaeltachta (CG) ag cruinniú speisialta mullaigh CG. Bhí páistí scoile, CTRanna, ionadaithe ón phobal agus lucht acadúil i láthair ag an chruinniú mullaigh agus cuirfear i gcrích Plean Mór gníomhaíochta CG do na deich mbliana atá romhainn.

Is í an tAire Ní Chuilín a bhí mar óstach ar an imeacht agus ar sise: “Tá beagnach deich mbliana ann ó eisíodh Tuarascáil Dutton ar an Cheathrú Gaeltachta. Caithfear athbhreithniú a dhéanamh anois ar an tuarascáil sin, smaoineamh ar an dul chun cinn atá déanta againn agus cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhealach is fearr chun cinn. Tá an Ghaeilge in úsáid ag cuid mhór daoine sa bhaile, ar scoil agus san áit oibre, ní hamháin ag grúpaí áirithe i gceantair ar leith. Tríd an cheantar Gaeltachta a chur chun cinn, cuirfear go mór leis na deiseanna eacnamaíocha a bhaineann leis an teanga, deiseanna atá á gcur ar fáil cheana féin trí na cnuasaigh de ghníomhaíochtaí cultúrtha agus d’fhiontraíochtaí atá ag fás i gcónaí. Tá an chuid seo d’Iarthar Bhéal Feirste ar na ceantair is díothaí sa tuaisceart ar fad. As siocair go bhfuil na Ranna difriúla tagtha le chéile, is féidir linn aghaidh a thabhairt ar na riachtanais éagsúla a bhaineann leis an díothacht shóisialta agus ar na fáthanna éagsúla atá léi. Tig linn an comhionannas a chur chun cinn agus dul i ngleic leis an eisiamh sóisialta agus leis an bhochtanas trína bheith ag obair le chéile.”

Dúirt an tAire Comhshaoil, Mark H Durkan: “Baineann féidearthachtaí móra leis an Cheathrú Gaeltachta ó thaobh an turasóireacht chultúrtha agus oidhreachta a mhéadú. Ní réiteach úr, saorga atá ar intinn againn nó tá fás tagtha go nádúrtha ar an cheantar seo. Tá forás tagtha air mar gheall ar dhaoine a bheith tagtha le chéile a bhfuil an Ghaeilge mar nasc eatarthu. Caithfimid a chinntiú, mar sin de, go leanfaimid ar aghaidh de bheith ag cur fuinnimh agus muiníne sa phobal agus sa cheantar seo. 

“Thug Alex Attwood dúshlán Ghníomhaireacht Chomhshaoil Thuaisceart Éireann teacht ar dhóigheanna nuálacha le cur leis na deiseanna forbartha a bhaineann leis an oidhreacht Thógtha agus Nádúrtha sa Cheathrú Gaeltachta, agus cuirfidh mise leis an obair atá déanta aige. Trí athnuachan dhírithe den chineál seo, is féidir linn é a dhéanamh níos éasca do dhaoine fanacht ina gceantar áitiúil agus a bheith ag obair ann. Is é an toradh a bhíonn air sin go mbíonn muintir na háite in ann cur le fás agus le hinbhuanaitheacht a gceantair féin. Téann sé chun sochair do gach duine.” 

Labhair an tAire Oideachais, John O'Dowd, le páistí áitiúla scoile ag an imeacht: “Tá spéis mhór sa Ghaeloideachas agus tá ag méadú ar an spéis sin i gcónaí; tá líon na bpáistí atá ag fáil oideachais trí Ghaeilge ag dul i méid. Tá an t-oideachas ar bhunchlocha na Ceathrún Gaeltachta agus tá Gaelscoil an Lonnáin, Gaelscoil na bhFál, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh agus Coláiste Feirste lonnaithe ann. Tá cion ard daoine óga ag teacht amach as Coláiste Feirste agus ag dul ar aghaidh go dtí an tArdoideachas agus an Breisoideachas. Tá sé iontach tábhachtach, mar sin de, leanúint ar aghaidh de bheith ag cuardach dóigheanna le deiseanna a fhorbairt agus a mhéadú i ngach réimse agus de bheith ag cur deiseanna nua ar fáil san áit oibre, go háirithe sna tionscail speisialtóireachta agus theicniúla.”

Súil go gcruthófar 158 post nua le tograí atá ceadaithe ag ÚnaG

{jcomments on}Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha inniu (20 Meán Fómhair), ceadaíodh líon tograí ina mbeifear ag súil go gcruthófar 158 post nua lánaimseartha nuair a bheidh na tograí faoi lán seoil.  Beidh infheistíocht iomlán de €10 milliún i gceist sna tograí seo (óna comhlachtaí agus an tÚdarás) agus tabharfar breis eolais fúthu seo in am trátha.

D’fháiltigh Bord an Údaráis roimh fhógra a rinne Aire Stáit na Gaeltachta níos luaithe an tseachtain seo go bhfuil na Rialacháin sínithe aige chun na critéir pleanála teanga a fhorordú faoi Acht na Gaeltacht, 2012. Is céim eile í seo i dtreo iomlánú an phróisis chun tús a chur le fógairt na Limistéir Pleanála Teanga sa Ghaeltacht, na mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge. Tá feidhmeannaigh an Údaráis ag obair i gcomhar leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Foras na Gaeilge leis an chéad chéim eile den phróiseas a ullmhú agus beidh sé seo á fhógairt faoin cheann míosa.

Tugadh le fios fosta ag an chruinniú go bhfuil tús á chur le Dioplóma i mBuanú agus i bPleanáil Teanga Dé Sathairn seo (21 Meán Fómhair). Tá os cionn 50 duine cláraithe don chúrsa atá á thairiscint ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.

Critéir Pleanála Teanga fógartha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

{jcomments on}D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., na laethanta seo go bhfuil na Rialacháin sínithe aige chun na critéir pleanála teanga a fhorordú faoi alt 12 d'Acht na Gaeltachta 2012. Beidh na critéir seo riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar na pleananna teanga a ullmhófar do na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus do na Líonraí Gaeilge.

Dúirt an tAire Stáit: “Is ionann foilsiú na gcritéar seo agus céim eile chun tosaigh sa phróiseas pleanála teanga. Mar thoradh ar na Rialacháin seo, tá soiléireacht ann faoi na critéir a bheidh in úsáid nuair a bheidh mo Roinnse ag déanamh measúnú ar phleananna teanga sula ndéanfar iad a fhaomhadh. Bunaithe ar an phróiseas sin, beidh stádas mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta nó mar Líonraí Gaeilge le bronnadh ar cheantair éagsúla, de réir mar is cuí, i gcomhréir le hAcht na Gaeltachta."

Tá na chéad chéimeanna eile seo a leanas idir lámha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge, chun an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn:

Tá an Roinn ag obair ar threoirlínte, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge, a leagfaidh síos próiseas trédhearcach d'ullmhú, d'fheidhmiú agus do mheasúnú na bpleananna teanga sna limistéir, sna bailte agus sna líonraí. Cabhróidh na treoirlínte leis na heagraíochtaí pobail agus iad ag tabhairt faoin bpróiseas pleanála teanga ar an talamh.

·         Tá Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ag leagan amach córas trédhearcach faoina roghnófar eagraíochtaí chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna ceantair éagsúla.

·         Tá an Roinn ag obair, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, ar na fógraí faoi alt 7(3) den Acht a dhéanfaidh sainiú ar na toghranna éagsúla a bheidh i gceist sna 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta.

Maoiniú de €40,000 i gcomhair oiliúna frithbhulaíochta do thuismitheoirí

{jcomments on}D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., go bhfuil €40,000 á chur ar fáil chun tacú le soláthar suas le 70 seisiún oiliúna frithbhulaíochta do thuismitheoirí ó seo go dtí deireadh na bliana.

Tá an Clár Oiliúna Frithbhulaíochta do Thuismitheoirí á reáchtáil ag an gComhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Bunbhrainse i gcomhar leis an gComhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Iarbhunoideachas).  Forbraíodh an tionscnamh chun tacú le feidhmiú an Phlean Aicsin um Bulaíocht a rinneadh moladh ann go gcuirfí oiliúint agus acmhainní ar fáil do thuismitheoirí agus boird bhainistíochta.

Ag fógairt an mhaoinithe dó, dúirt an tAire Quinn, “cuirim fáilte roimh an gcomhoibriú idir an dá Chomhairle Tuismitheoirí agus iad ag freastal ar an ngá le hoiliúint sa réimse seo.  Tá súil agam go dtógfaidh tuismitheoiri an t-am chun freastal ar na seisiúin luachmhara oiliúna seo.

Ról tábhachtach

Ní fadhb í an bhulaíocht gur féidir le scoileanna tabhairt fúithi leo féin ná gur ceart í a fhágáil fúthusan amháin.  Tá ról tábhachtach le glacadh ag tuismitheoirí, teaghlaigh agus ag an bpobal ar fad maidir le dul i ngleic le gach sórt bulaíochta agus le páistí a mhúineadh faoin gcaoi le caidrimh a bhainistiú, faoin teacht aniar agus faoin gcomhbhá le daoine eile.”

Beidh an Clár Oiliúna Frithbhulaíochta do Thuismitheoirí ar fáil ar fud na tíre.  Seisiún dhá uaire go leith a bheas ann a thabharfaidh tacaíocht do thuismitheoirí chun tacú lena gclann maidir le ceisteanna bulaíochta mar aon le heolas a thabhairt dóibh faoi na Nósanna Imeachta nua Frithbhulaíochta do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna.

Chuir Áine Lynch, POF na Comhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Bunbhrainse, fáilte roimh tiomantas an Aire agus na Roinne Oideachais agus Scileanna agus iad ag tacú le tuismitheoirí sa ról ríthábhachtach atá acu i réimse chosc na bulaíochta.

“Bíonn príomhról ag tuismitheoirí chun tacú lena gclann agus le scoil na háite, agus de bharr na hinfheistíochta seo sna tuismitheoirí beidh ar a gcumas an ról seo a chur díobh i mbealach níos eolasaí.  Spreagaimid na tuismitheoirí go léir i mBunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna chun freastal ar an oiliúint agus tacú lena gclann agus leis na scoileanna agus iad ag dul i ngleic le hiompraíocht bhulaíochta,” adúirt sí.

Dúirt Don Myers, Uachtarán na Comhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Iarbhunoideachas), “Táthar ag cur amach teachtaireacht an-dearfach anseo chuig na tuismitheoirí go léir tríd an tacaíocht seo agus trí chomhthionscnamh na Comhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Bunbhrainse agus na Comhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Iarbhunoideachas) araon.

Aontú an-láidir é seo ón dá eagraíocht leis an acmhainn luachmhar seo agus is fearr a bheidh na tuismitheoirí curtha ar an eolas ar mhaithe leo féin agus le tacú a thabhairt dá gclann maidir le fadhbanna a bhaineann leis an mbulaíocht.”

an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Bunbhrainse agus an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Iarbhunoideachas) ag forbairt bileoige eolais chomh maith do thuismitheoirí a fhreastalaíonn ar na seisiúin oiliúna.  Cuirfear an bhileog ar fáil ar shuíomhanna gréasáin an dá chomhairle.

Easpa uaillmhéine i gcur i bhfeidhm na Straitéise cáinte ag Conradh na Gaeilge

{jcomments on}Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh na pleananna forfheidhmithe de chuid na Ranna Rialtais leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 a chur i bhfeidhm, a foilsíodh na laethanta seo, ach cháin siad an easpa uaillmhéine atá iontu. Is léir ó na pleananna dar leo:

·             Go bhfuil go leor atá san áireamh sna pleananna ar siúl cheana féin ag na ranna éagsúla (ar nós Scéim na gCúntóirí Teanga; Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge; na foilseacháin bhliantúla a eisíonn Roinn an Taoisigh, srl.);

·             Gur fágadh ar lár aon tagairt do na cinntí a glacadh le níos mó ná dhá bhliain anuas nár aontaigh an pobal Gaeilge agus Gaeltachta leo (ar nós an athrú stádais atá molta d’Oifig an Choimisinéara Teanga; an diúltú ar aon leasú a ghlacadh ar an Acht Gaeltachta ón bpobal; deireadh leis an deontas d’ábhar oidí le freastail ar chúrsaí sa Ghaeltacht, srl.); agus

·             Go bhfuil easpa spriocanna dúshlánacha, uaillmhianacha iontu (plean cuimsitheach le fáil réidh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach faoi 2016 m.sh.).

Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Fáiltíonn muid roimh fhoilsiú na bpleananna forfheidhmithe leis an Straitéis Ghaeilge a chur i bhfeidhm ar deireadh, ach tá an-díomá ar an gConradh nár thóg an Rialtas príomhéileamh an phobail Gaeilge agus Gaeltachta ar bord, ‘sé sin go bhfuil sé riachtanach an pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Chuige sin, ní mór go gcuirfear struchtúr riachtanach ardleibhéil ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta, áit a dhéanfar moltaí i dtaca leis an nGaeilge agus leis an Straitéis sula gcuirtear ar aghaidh chuig na hAirí cuí iad. Le córas mar seo i réim le hionchur ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, creideann an Conradh go mbeadh plean forfheidhmithe i bhfad níos dúshlánaigh, níos uaillmhianaigh, níos fadradharcach agus níos comhtháite ann chun an teanga a chur chun cinn.”

Aithníonn Conradh na Gaeilge go bhfuil líon beag beartais maithe ann i measc phleananna forfedhmithe an Rialtais don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ar nós:

·             Go mbeidh scrúdú béil éigeantach don Teastas Sóisearach sa scoilbhliain 2015 / 2016;

·             Go ndéanfar mionanailís le linn 2013 - 2014 ar na dúshláin ar leith a bhíonn le sárú ag scoileanna Gaeltachta chun roghanna polasaithe a aithint don teagasc trí mheán na Gaeilge; agus

·             Go mbeidh próiseas pleanála don fhórsa oibre sa Státseirbhís ann a aithneoidh poist/réimsí oibre a mbeidh Státseirbhísigh atá in ann feidhmiú go dátheangach de dhíth iontu. Beidh an-tábhacht leis an bpróiseas sin lena chinntiú go ndéanfar soláthar i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháin a mbeidh inniúlacht i nGaeilge riachtanach dóibh.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Is oth le Conradh na Gaeilge go bhfuil, ar an iomlán, easnaimh mhóra sna pleananna forfheidmithe chunAn Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Is gá don Rialtas breis acmhainní a chur ar fáil don teanga agus ní mór dóibh a bheith níos uaillmhianaí sna spriocanna a leagann siad amach. Chomh maith leis sin, is gá don Rialtas go práinneach an pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise agus, chuige sin, an struchtúr riachtanach ardleibhéil a bhunú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta.”

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
02:54AM Nov 01