Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 17 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Náisiúnta Bíodh Eolas agat ar do Chearta: Forlíonadh Cíosa

Bíodh Eolas agat ar do Chearta: Forlíonadh Cíosa

Ríomhphost Priontáil PDF

Ceist
Faighim Forlíonadh Cíosa do mo bhean chéile agus dom féin agus chuala mé go bhfuil sé seo le laghdú. An féidir leat mé a chur ar an eolas faoin méid a laghdófar é seo?

Freagra
Ón 1 Eanáir 2012, ní mór do lanúnacha anois €35 sa tseachtain ar a laghad a íoc i dtreo a gcíosa.  Is í an íos-ranníocaíocht nua ag tionóntaí aonair €30 (méadú €6 sa tseachtain).
Ranníocfaidh lanúineacha níos sine ná 65 bliain d’aois ag a bhfuil ioncam cothrom le nó faoin bPinsean Stáit (Ranníocach) dá gcás féin, €35 i dtreo a gcíosa. Ranníocfaidh lanúineacha a bhfuil Pinsin Stáit (Ranníocach) acu beirt agus ioncam ar bith eile €35 freisin i dtreo a gcíosa.

Rinneadh teorainneacha cíosa a laghdú ón 1 Eanáir 2012 d'éilitheoirí nua. Baineann na teorainneacha nua le héilitheoirí reatha nuair a dhéantar athbhreithniú ar a n-éilimh nó má bhogann siad chuig cóiríocht nua.

Athraíonn an t-uasmhéid den Fhorlíonadh Cíosa de réir an cheantair ina gcónaíonn tú. Is féidir leat eolas a fháil faoi na teorainneacha do do cheantar ón ionadaí den Roinn Coimirce Sóisialaí i d’ionad sláinte áitiúil, ó d’Ionad Faisnéise do Shaoránaigh nó ag citizensinformation.ie.
Tabhair faoi deara go gcuirfear san áireamh anois ioncam ó oibriú mar chúntóir baile don FSS (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) sa tástáil mhaoine don Fhorlíonadh Cíosa.

tuilleadh eolais le fáil ón Ionad Faisnéise do Shaoránaigh thíos.
Chuir Ionad Faisnéise do Shaoránaigh ‘Bíodh Eolas agat ar do Chearta’ le chéile.  Cuireann an tIonad seo seirbhís shaor in aisce agus faoi rún ar fáil don phobal. Tá faisnéis le fáil freisin ar líne ag citizensinformation.ie agus ón tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh, Íosghlao 1890 777 121.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

An aontaíonn tú gur cheart bunscoileanna beaga a dhúnadh ar fud na tíre?



Torthaí

Twitter

 
Foinse Kenny Dalglish briste as a phost - http://t.co/pbcSEjhd - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 11 hours ago
 
Foinse Díríonn alt faisin na seachtaine seo in Foinse ar Stíl na dTreibheanna le hearraí ó @NewLookFashion @nextofficial @brownthomas & tuilleadh
About 12 hours ago