Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 17 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Náisiúnta Bíodh Eolas agat ar do Chearta: Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh

Bíodh Eolas agat ar do Chearta: Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh

Ríomhphost Priontáil PDF

Ceist
Faighim Liúntas Cúramóra do dhuine de mo chuid leanaí. Tá m’fhear céile ag oibriú agus faighimid FIT (Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh). Chuala mé gur seans go ndéanfar ár FIT a laghdú. An féidir leat a mhíniú cén fáth dom?

Freagra
Fógraíodh i mBuiséad 2012 go gcuirfear san áireamh ioncam ó íocaíochtaí cúramóra (Sochar Cúramóra agus Liúntas Cúramóra) agus an méid den Fhorlíonadh Ioncam Teaghlaigh a gheobhaidh tú á ríomh. Tiocfaidh an t-athrú i bhfeidhm ó Eanáir 2012 le haghaidh iarratasóirí nua agus ag tráth d'athnuachana bliantúla don uile dhuine eile.

Tá sé seo le tabhairt isteach thar 3 bliana, áfach:
• Déanfar measúnú in 2012 ar an tríú cuid (1/3) d’aon ioncam teaghlaigh (duit nó do do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir) ó íocaíocht chúramóra
• Déanfar measúnú in 2013 ar dhá thriain (2/3) d’aon ioncam teaghlaigh ó íocaíocht chúramóra
• Déanfar measúnú iomlán in 2014 ar ioncam ó íocaíocht chúramóra

Mar shampla, má bhí Liúntas Cúramóra €204 á fháil sa tseachtain, cuirfear €68 san áireamh mar mhaoin i leith do FIT nuair a dhéanfar do FIT a athnuachan.
Sa mhullach air sin, déanfar measúnú ar ioncam ó oibriú mar chúntóir baile don FSS (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) don uile éileamh nua FIT ó Eanáir 2012 agus ag tráth na hathnuachana i dtaca le héilimh eile.


tuilleadh eolais le fáil ón Ionad Faisnéise do Shaoránaigh thíos.
Chuir Ionad Faisnéise do Shaoránaigh ‘Bíodh Eolas agat ar do Chearta’ le chéile.  Cuireann an tIonad seo seirbhís shaor in aisce agus faoi rún ar fáil don phobal. Tá faisnéis le fáil freisin ar líne ag citizensinformation.ie agus ón tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh, Íosghlao 1890 777 121.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

An aontaíonn tú gur cheart bunscoileanna beaga a dhúnadh ar fud na tíre?



Torthaí

Twitter

 
Foinse Kenny Dalglish briste as a phost - http://t.co/pbcSEjhd - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 11 hours ago
 
Foinse Díríonn alt faisin na seachtaine seo in Foinse ar Stíl na dTreibheanna le hearraí ó @NewLookFashion @nextofficial @brownthomas & tuilleadh
About 12 hours ago