An Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann
Bhí an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín, i Léim an Mhadaidh, Doire inniu le dhá thionscadal éagsúla de chuid na RCEF a fheiceáil sa taobh sin tíre.
Rinne an tAire áis spóirt athchóirithe, ar fiú £2m í, ar Bhóthar Scroggy a oscailt go hoifigiúil. Mar chuid den áis tá: páirc ilspórt 3G, páirc féir agus pailliún athchóirithe.
Agus í ag caint ag an ócáid, arsa an tAire: “Tá lúcháir orm go raibh mo Roinnse, trí Spórt TÉ, ábalta cistiú a chur ar fáil leis na háiseanna úra seo a fhorbairt, áiseanna a thugann spás comhroinnte don cheantar, rud a bhfuil géarghá leis.
"Mhol mé tiomantas na Comhairle i dtaca leis na páirceanna imeartha seo a sholáthar; freastalaíonn siad ar réimse spórt: cluichí Gaelacha, sacar agus rugbaí.”
“Molaim do dhaoine ó gach aois agus ó gach pobal, go háitiúil agus níos faide i gcéin, lántairbhe a bhaint as na háiseanna seo.”
Lena chois sin, d’fhreastail an tAire ar sheoladh Líofa in Ionad Ealaíon & Cultúir Ghleann na Ró. Tá an scéim sin ag spreagadh daoine le bheith líofa sa Ghaeilge faoin bhliain 2015.
“Ó sheol mé Líofa i Meán Fómhair na bliana seo caite, tá mé an-sásta leis an tacaíocht a fuair an feachtas ar fud thuaisceart na hÉireann. Tá an chéad sprioc bainte amach againn, is é sin 1,000 duine a chlárú le bheith líofa. Anois táimid ag díriú ar 2,015 duine a bhaint amach faoin bhliain 2015.
“Ceann de na gnéithe is spreagúla faoin scéim ná an díograis ar an talamh a fheiceáil, idir iad siúd a labhraíonn Gaeilge agus iad siúd atá ag iarraidh níos mó a fhoghlaim. Tá suim mhór sa Ghaeilge ag daoine áirithe anseo i Léim an Mhadaidh.
“Tá mise anseo mar Aire lena n-iarrachtaí agus lena dtiomantas a aithint. Is pléisiúr atá ann i gcónaí scéalta na ndaoine a chloisteáil, eispéiris a roinnt agus tacú le forbairt na Gaeilge.”





