buy cheap viagra viagra for women better pills than viagra viagra pharmacy generic cialis next day delivery cialis prescriptions

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Náisiúnta Tóstal na Gaeilge 2013: Próiseas pleanála teanga beartaithe

Tóstal na Gaeilge 2013: Próiseas pleanála teanga beartaithe

TostalnaGaeilge

"Deis le tapú ag an Rialtas anois sólás a thabhairt do bhuairt Phobal na Gaeltachta”

Tá sé in am don Rialtas faillí sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur in a gceart

Is gearr go mbeidh próiseas pleanála teanga á leagan amach i dtrí limistéar Gaeltachta, ach is mór iad na dúshláin agus na constaic a bheidh le sárú ag na grúpaí pobail, dar le hionadaithe ó Ghaeltachtaí ar fud na tíre a labhair ag Tóstal na Gaeilge 2013, a thionól Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, 16 Feabhra 2013.

Beart de réir Biathair’ a bhí mar théama an Tóstail i mbliana agus bhí saincheisteanna reatha na Gaeilge idir chamáin ag polaiteoirí, ag saineolaithe sa phleanáil teanga, ag ionadaithe an státchórais, agus ag pobal na Gaeilge le linn trí sheisiún plé a reáchtáladh le linn an Tóstail.

Pléadh na téamaí seo i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus thug comhfhreagraí polaitíochta The Irish Times Harry McGee cur síos ar bheartais an Rialtais i leith na Gaeilge ó foilsíodh an Straitéis i mí na Nollag 2010.

I measc siúd a labhair le linn an Tóstail, bhí an Dr Brian Ó Curnáin, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath; Stiúrthóir Chomhluadar Feargal Ó Cuilinn agus Treasa Ní Mhainín, Príomhfheidhmeannach ar Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.

Tugadh an deis do Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta  Stiofán Ó Culáin míniú níos soiléire a thabhairt ar a bhfuil beartaithe faoin bpróiseas pleanála teanga agus bhí an deis ag an bpobal ceisteanna a chur air agus ar Chathaoirleach an Údaráis, Anna Ní Ghallachair ag díospóireacht a bhí faoi stiúir príomhláithreoir nuachta TG4 Eimear Ní Chonaola.

Labhair an pleanálaí teanga agus tuismitheoir Aoife Ní Shéaghdha mar gheall ar na ceisteanna praiticiúla atá ag teacht chun cinn i measc phobal na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne agus luaigh sí go raibh tacaíocht laghdaithe curtha ar fáil de réir mar a théann leanaí in aois agus de réir mar a mhéadaíonn an líon tí.

Luaigh sí freisin go raibh easnaimh mhóra ó thaobh ócáidí sóisialta do leanaí trí Ghaeilge agus go raibh ceisteanna tromchúiseacha ann maidir le buanú na Gaeilge i measc leanaí gurb í an Ghaeilge a gcéad teanga sna scoileanna Gaeltachta.

Nocht Comhordaitheoir Acadúil ar Choláiste na nDán, na nEolaíochta Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Seosamh Mac Donncha an tuairim lom go bhfuil deireadh leis an tuiscint choiteann ar shainmhíniú na Gaeltachta.

Dúirt sé nach raibh Gaeltacht againn sa chiall is a bhí ann céad bliain ó shin nuair a labhair formhór na ndaoine an Ghaeilge formhór an ama. Dúirt sé chomh maith nach raibh an saibhreas teanga céanna ag páistí óga Gaeltachta is a bhí ag an nglúin a chuaigh rompu agus thagair sé do na deacrachtaí atá sa chóras oideachais Gaeltachta ceal sainpholasaí oideachais Gaeltachta.

Chuir Príomhfheidhmeannach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Treasa Ní Mhainín béim ar pholasaí na Roinne Oideachais agus Scileanna chomh maith agus luaigh sí go mbeidh sí dodhéanta pleanáil teanga a chur i bhfeidhm i gceantair Ghaeltachta gan tacaíocht iomlán na Roinne sin.

athruithe suntasacha i ndán don Ghaeltacht  le feidhmiú an phróisis pleanála teanga. Tá fógartha ag Údarás na Gaeltachta go gcuirfear tús leis an bpróiseas pleanála teanga i mbliana. Is é an sprioc atá ag an bpróiseas pleanála teanga ná córas pleanála teanga a fhorbairt chun a chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Is í seo an chéim is déanaí i bhforbairt an phróisis pleanála teanga ó foilsíodh Acht na Gaeltachta 2012. Luaitear mar chuspóir sa straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an líon daoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht gach lá a ardú 25% roimh 2030.

Díospóireacht mhacánta réadúil” a bhí ann dar le Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin De Barra agus ghabh sé buíochas leis na haoichainteoirí agus leis an bpobal a tháinig ar an lá agus leis an bpobal ar líne a ghlac páirt sa phlé ar Twitter faoin haischlib #Tnag13.

“Is léir go bhfuil formhór na ngealltanas a leagadh amach sa Straitéis 20 Bliain caite i dtraipisí anois”, a dúirt sé.

“Ag an Tóstal, d’iarr an pobal ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a gcás a chur faoi bhráid na nÚdarás agus dá bhrí sin lorgóidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge cruinniú práinneach leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan TD,  le hAire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD agus le hOifigigh sinsearacha sa Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta".

Ag eascairt as an bplé maidir leis na heasnaimh atá ann i bpolasaí oideachais Gaeltachta na Roinne Oideachais agus Scileanna,  lorgófar cruinniú práinneach leis an Aire Oideachais Ruairí Quinn TD go luath.

“Tá an deis anois ag an Rialtas freagra a thabhairt ar an mbuairt atá léirithe ag pobal na Gaeltachta agus ag pobal na Gaeilge agus ceannasaíocht a léiriú le forfheidhmiú an phróisis pleanála ar bhealach oscailte, cuimsitheach agus daonlathach”.