Níor éirigh le ceannairí na Gréige teacht ar shocrú go fóill maidir le ciorruithe déine atá le déanamh ansin.
Beidh ar Aire Airgeadais na Gréige, Evangelos Venizelos, dul chuig an mBruiséil níos déanaí inniu anois do chainteanna a bheas á reáchtáil ansin ach tá sé tugtha le fios aige go bhfuil sé fós dóchasach go bhfaighidh siad an iasacht chun iad a tharrtháil.
Tá sé riachtanach go bhfaigheadh an Ghréig an iasacht seo, mar gheall ar íocaíocht de €14.5 billiún atá le híoc acu le sealbhóirí bannaí.
Bhí cainteanna á reáchtáil ag lucht na Gréige ar feadh uaireanta an chloig as a chéile ach níl socrú ar bith déanta go fóill. Deirtear go bhfuil fadhb fós maidir leis na pinsin ansin, a laghdú.





