Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 17 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí A lán tacaíochta do Redknapp maidir le háit Capello a thógáil

A lán tacaíochta do Redknapp maidir le háit Capello a thógáil

Ríomhphost Priontáil PDF

Deirtear anois go bhfuil a lán ag tacú le Harry Redknapp le háit Fabio Capello a thógáil mar bhainisteoir ar an bhfoireann – imreoirí mar Wayne Rooney ina measc.

D’fhógair Capello aréir go raibh sé ag éirí as a ról mar bhainisteoir ar an bhfoireann náisiúnta. Is inné a tháinig an scéala freisin go raibh na cionta maidir le himghabháil cánach a bhí tugtha i gcoinne Redknapp, tarraingthe siar.

Is ar an láithreán líonraithe shóisialta, Twitter, a deirtear a d’fhógair Rooney a thacaíocht féin do Redknapp agus is cosúil go bhfuil leithéidí Gary Lineker agus fear Sunderland, Martin O’Neill ag tacú le Redknapp freisin don ról.

Beidh preasocáid á reáchtáil ag Cumann Sacair Shasana ag meán lae inniu maidir le scéala Capello.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

An aontaíonn tú gur cheart bunscoileanna beaga a dhúnadh ar fud na tíre?



Torthaí

Twitter

 
Foinse Kenny Dalglish briste as a phost - http://t.co/pbcSEjhd - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 11 hours ago
 
Foinse Díríonn alt faisin na seachtaine seo in Foinse ar Stíl na dTreibheanna le hearraí ó @NewLookFashion @nextofficial @brownthomas & tuilleadh
About 12 hours ago