Tá déagóir, atá 16 bliana d’aois, cúisithe ag bleachtairí i mBeannchar i gCo an Dúin anois maidir le hionsaithe coirloiscthe ansin.
Rinneadh damáiste ollmhór do dhá árasán ar Bhóthar Victoria sa bhaile ansin ar an Máirt seo caite, nuair a cuireadh umar gáis, a bhí in aice láimhe, trí thine.
Tá sé tugtha i gcoinne an déagóra gur chuir sé beatha daoine i mbaol agus tá trí chúis tugtha ina choinne maidir le damáiste coiriúil freisin.
Beidh sé á thabhairt os comhair na cúirte i mBaile Nua na hArda níos déanaí inniu.





