Tá sé tuairiscithe anois go bhfuil an Bord Pleanála tar éis diúltú cead pleanála a thabhairt chun Ospidéal Náisiúnta do Leanaí a bhí beartaithe a bheith i mBaile Átha Cliath.
Deirtear go ndeachaigh formhór an bhoird i gcoinne an phlean seo maidir leis an ospidéal nua.
Tuairiscítear gur diúltódh an plean seo mar gheall go raibh an foirgneamh, a bhí beartaithe, ró-ard agus chomh maith leis seo, mar gheall go ndeirtear go bhfuil an suíomh atá ag lucht Mater forbartha go mór cheana féin.
Níl aon fhógra oifigiúil tugtha ag an mBord go fóill maidir leis an gcinneadh seo.





