Tá sé tugtha le fios anois ag bainisteoir Manchester City, Roberto Mancini, go gcuirfidh sé fáilte ar ais roimh Carlos Tevez, le himirt leis an gclub.
Is cosúil go bhfuil sé ráite ag Mancini go nglacfaidh sé le leithscéal ó Tevez maidir leis an easaontas a bhí eatarthu le déanaí agus go mbeidh sé ábalta dul i mbun traenála leis an bhfoireann arís.
Bhí Tevez san Airgintín ó thús na Samhna, gan cead óna fhoireann, Manchester City.
Níor imir Tevez le City ó chuir Mancini ina leith gur dhiúltaigh sé dul ag imirt i gcoinne Bayern Munich i mí Mheán Fómhair.
Tá siad le casadh ar a chéile inniu chun cúrsaí a phlé. Ní féidir le Tevez imirt i Sraithchomórtas Europa mar gheall go raibh sé as láthair le hachar fada ach creidtear go mbeidh sé mar acmhainn mhaith ag an bhfoireann do Sraithchomórtas Barclays.





