Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 17 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Deontais ceadaithe d'imeachtaí spóirt sa Ghaeltacht

Deontais ceadaithe d'imeachtaí spóirt sa Ghaeltacht

Ríomhphost Priontáil PDF

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. inniu, an 23 Feabhra 2012, go bhfuil deontas de €5,560 ceadaithe aige d’Óige na Gaeltachta agus do Chomhairle Chonnachta den Chumann Lúthchleas Gael, chun comórtas peile 7 an taobh faoi 17 a reáchtáil i nGaeltacht na Gaillimhe in 2012.

Tá sé i gceist go mbeidh foirne as na Gaeltachtaí eile páirteach sa chomórtas arís i mbliana.      

Dúirt an tAire Stáit agus é ag fógairt an deontais go raibh áthas air a bheith in ann a leithéid de dheontas a chur ar fáil agus go raibh tionchar fíorthábhachtach ag tograí den chineál seo ar bhuanú agus cur chun cinn na Gaeilge. 

“Tá mé dóchasach, go gcabhróidh an togra seo go mór le buanú na Gaeilge i measc daoine óga sa Ghaeltacht,” a dúirt an tAire Stáit.

Chomh maith leis seo, d’fhógair an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. inniu go bhfuil deontas €3,000 ceadaithe aige do Chomhairle Chonnachta den Chumann Lúthchleas chun scileanna liathróid láimhe a fhorbairt tuilleadh i scoileanna áirithe i nGaeltacht na Gaillimhe.

Dúirt an tAire Stáit gur deis mhaith atá ann dul i gcion ar dhaoine óga Gaeilge a labhairt i dtimpeallacht thaitneamhach. 

“Cuirfidh an togra seo go mór leis na seirbhísí atá á gcur ar fáil faoin Scéim Oiliúna Peile agus Iománaíochta atá á maoiniú ag mo Roinnse cheana féin,” a dúirt an tAire Stáit.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

An aontaíonn tú gur cheart bunscoileanna beaga a dhúnadh ar fud na tíre?



Torthaí

Twitter

 
Foinse Kenny Dalglish briste as a phost - http://t.co/pbcSEjhd - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 11 hours ago
 
Foinse Díríonn alt faisin na seachtaine seo in Foinse ar Stíl na dTreibheanna le hearraí ó @NewLookFashion @nextofficial @brownthomas & tuilleadh
About 12 hours ago