Tá sé fógartha anois go bhfuil athruithe déanta ag Tiobraid Árann ar an bhfoireann a bhí acu do Chluiche Ceannais na hÉireann san iománaíocht, don uair a chasfaidh siad ar Chill Chainnigh arís an Domhnach seo.
Beidh an cluiche ar bun ar Pháirc Uí Nualláin i gCill Chainnigh mar chuid de Roinn 1A sa tSraith Iomána agus tá cinneadh déanta ag bainisteoir Thiobraid Árann, Declan Ryan, na himreoirí Donagh Maher agus Adrian Ryan a chur ag imirt. Deirtear go mbeidh David Young ag imirt i lár na páirce freisin le Brendan Maher.
Ní bheidh na himreoirí Eoin Kelly (an captaen in 2011), Patrick Maher, Shane McGrath, Seamus Callanan, an cúl báire Brendan Cummins agus ar ndóigh, Lar Corbett, a d’éirigh as le gairid, i mbun imeartha ar an Domhnach.
Seo an fhoireann atá roghnaithe ag Tiobraid Árann don Domhnach: D Gleeson; D Maher, P Curran, M Cahill; S Maher, C O'Mahony, P Maher; B Maher, D Young; G Ryan, N McGrath, A Ryan; P Bourke, B O'Meara, J O'Brien.





