RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Deir Mitt Romney go bhfuil vótálaithe Obama ‘ag brath ar an rialtas’ i bhfíseán a sceitheadh

Nuacht is Déanaí

Deir Mitt Romney go bhfuil vótálaithe Obama ‘ag brath ar an rialtas’ i bhfíseán a sceitheadh

Rinneadh damáiste d’fheachtas uachtaránachta Mitt Romney tar éis d’fhíseán sceitheadh ina ndeir sé faoi bheagnach leath na tíre "ceapann siad gur íospartaigh iad".

Deir an Poblachtach le grúpa deontóirí go dtacóidh 47% de Mheiriceánaigh leis an Uachtarán Obama de bhrí go "gcreideann siad go bhfuil siad i dteideal cúram sláinte, bia, tithíocht, gach rud".

"Ní fúmsa imní a bheith orm faoi na daoine sin. Ní chuirfidh mé ina luí orthu riamh gur cheart dóibh a bheith freagrach as a saoil," a deir Romney san fhíseán, a sceitheadh chuig irisleabhar Mother Jones.

Is cosúil go bhfuil Romney ag labhairt le grúpa deontóirí saibhre níos luaithe i mbliana san fhíseán agus é ag labhairt go hoscailte faoina straitéis le díriú ar an bpíosa beag den daonra nach bhfuil cinneadh déanta acu go fóill i dtaobh toghchán na Samhna agus gan iarracht ar bith a dhéanamh aige leis na vótálaithe ar ioncam íseal a spreagadh ina threo.

Deir Jim Messina, bainisteoir feachtais an Uachtaráin Obama: "Tá sé deacair a bheith i d’uachtarán do gach Meiriceánach nuair nach bhfuil suim ar bith agat i leath an daonra".