Tá ardú suntasach tagtha ar an líon buirgléireachtaí sa tréimhse 12 mhí go dtí deireadh mhí an Mheithimh, dar leis na figiúirí coireachta is déanaí ón CSO.
Léirigh na figiúirí ardú i gcalaois, fuadach agus coireanna bainteacha.
Ach, bhí laghdú i ngach catagóir eile de choireacht tromchúiseach lena n-áirítear dúnbhású, coireach drugaí agus gunna.
Léiríonn figiúirí an CSO gur tháinig ardú os cionn 10% ar bhuirgléireachtaí agus coireanna bainteacha, d’ardaigh coireann calaoise 8%, agus tháinig ardú 7.8% ar fhuadach.
Bhí laghdú i ngach catagóir coireachta eile. Léirigh an 62 dúnbhású titim os cionn 23%, bhí coireanna airm agus pléasctha síos os cionn 15%, agus thit coireann drugaí 4%.










