RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Deir ceannaire NAMA go bhfuil comharthaí ‘spreagúla’ sa mhargadh réadmhaoine

Nuacht is Déanaí

Deir ceannaire NAMA go bhfuil comharthaí ‘spreagúla’ sa mhargadh réadmhaoine

Deir ceannaire NAMA Brendan McDonagh go bhfuil ganntanas tithe teaghlaigh ar díol i gcodanna den chontae.

Deir an tUasal McDonagh go bhfuil an margadh réadmhaoine cobhsaithe agus go bhfuil praghsanna ag ardú beagán arís.

Ach deir sé go bhfuil easpa tithe atá oiriúnach do teaghlaigh óga ar an margadh.

Ag labhairt ag comhdháil Chónaidhm Thionscal na Foirgníochta i mBaile Átha Cliath, deir an tUasal McDonagh go bhfuil praghas na dtithe teaghlaigh ag ardú de réir mar ardaíonn an t-éileamh.

Is léir ó fhigiúirí a d’eisigh gníomhairí eastáit i mBaile Átha Cliath atá bunaithe ar fhigiúirí díolacháin go bhfuil praghsanna tithe teaghlaigh i mBaile Átha Cliath ardaithe timpeall 3% le ceithre mhí anuas, rud a thugann misneach don mhargadh.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
02:56PM Oct 21