Rugadh 19,313 leanbh sna chéad trí mhí den bhliain, dar le staitisticí oifigiúla a eisíodh inniu.
Léirigh sé seo ráta breithe bliantúil 16.9 in aghaidh 1,000 daonra, agus b’ionann an ráta don tréimhse chéanna in 2011 agus 17.5.
Bhí an ráta breithe is airde i bhFine Gall, 21.3, agus bhí an ráta is ísle i Muineachán, 12.1.
Chláraigh 6,929 de bhreitheanna, 36% de na breitheanna ar fad, taobh amuigh de phósadh.
Díobh seo, bhí tuismitheoirí nach bhfuil pósta ag 3,966 de na leanaí atá ina gcónaí le chéile, 20.5% de na breitheanna ar fad.











