Táthar chun scrúdú an Teastais Shóisearaigh mar atá a chur ar ceal sna hocht mbliana atá romhainn.
Tiocfaidh measúnuithe leanúnacha agus scrúdú a dhéanfaidh scoileanna aonair, seachas scrúdú Stáit, ina áit.
D’fhógair an tAire Oideachais, Ruairí Quinn an t-athrú suntasach inniu.
Faoin mbliain 2020 ní bheidh an Teastas Sóisearach ann a thuilleadh, de réir an phlean a cheap an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus tabharfar an scrúdú nua isteach ar bhonn céimnithe ó Mheán Fómhair 2014.
Beidh 21 ábhar agus réimse cúrsaí gearra ar fáil do scoileanna, lena n-áirítear Sínis agus ríomhchlárú.
Tá imní ar chomharchumainn mhúinteoirí nach mbeidh muinín ag tuismitheoirí as an gcóras oideachais dá bharr. Agus deir siad go bhfuil sé deacair a bheith ag súil go marcálfaí na páipéir ar an mbealach céanna ó scoil go scoil.











