RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Ceann de na seachtainí oibre is giorra ag Éirinn

Nuacht is Déanaí

Ceann de na seachtainí oibre is giorra ag Éirinn

D’oibrigh fostaithe lánaimseartha in Éirinn 38.4 uair sa tseachtain ar an meán in 2011, ceann de na seachtainí oibre is giorra san Eoraip, dar le tuarascáil EU a eisíodh inniu.

Is é 40.4 uair an gnáthsheachtain  oibre don  'EU27', mar a thugtar orthu, de réir Suirbhé Lucht Saothair Eurostat.

Oibríonn mná in Éirinn 39.3 uair ar an meán agus oibríonn fir 41.1 uair ar an meán. 

Oibríonn fostaithe lánaimseartha sa Ríocht Aontaithe an tseachtain is faide (42.2 uair), agus oibríonn fostaithe sa Danmhairg an tseachtain is giorra (37.7 uair).

Deir staidéar Eurostat chomh maith go n-oibríonn 70% de na fostaithe san AE in earnáil na seirbhísí, i gcomparáid le 62% in 2000.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
09:19AM Oct 25