Tá téarma príosúin 20 bliain curtha ar fhear i gcúirt i Londain as 1.5 tonna cócaon a thabhairt i dtír in iarthar Chorcaí cúig bliana ó shin.
Bhí Stephen Brown, a bhí ina cheannaire ar dhrong drugaí i Sasana, páirteach in iompórtáil luach €440m de chócaon ag Cuan Dhún Locha.
Theip orthu nuair a d’iompaigh ceann de na báid a raibh na drugaí air.
Phléadáil Brown, 46 bliain d’aois, ciontach as na cúiseanna ar fad.
Eiseachadadh Brown, gan áit chónaithe sheasta, ón Spáinn go Sasana in Aibreán.
Ba é an urghabháil drugaí ba mhó in Éirinn riamh a bhí ann.










