Tá beirt marbh agus seachtar eile go dona tinn agus imní ar dhaoine gur thóg siad hearóin atá an-íon i gCorcaigh.
Glaodh ar otharcharr chuig naoi gcás le 24 uair anuas, rud a chuireann an-imní ar oibrithe leighis.
Ta dochtúirí ag fanacht ar thorthaí tocsaineolaíochta ach deir siad go bhfuil sé tábhachtach rabhadh a thabhairt sula mbeidh tionchar aige ar aon duine eile.
Deir an Dochtúir Chris Luke ó Ospidéal Ollscoil Chorcaí gur cheart go mbeadh aon duine a úsáideann an druga ar an airdeall.
Tagann an nuacht seo mí tar éis do bheirt fhear óg bás a fháil i gCorcaigh de bharr MDMA nó eacstais a thógáil.











