Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Céadaoin 19 Meitheamh 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí An tEaspag John Kirby ag labhairt amach faoi thuairisc i nuachtán

An tEaspag John Kirby ag labhairt amach faoi thuairisc i nuachtán

Ríomhphost Priontáil PDF

Tá Easpag Chluain Fearta, an tEaspag John Kirby, tar éis labhairt amach inniu maidir le tuairisc i nuachtán, a mhaígh go raibh a fhios aige gur bhain sagart mí-úsáid as leanaí tar éis dó é a bhogadh chuig paróiste eile.

Tuairiscíodh sa nuachtán, The Irish Times, inniu go ndúirt an sagart seo, a ghlaoitear “Priest A” air, le Kirby faoin mí-úsáid seo nuair a thug sé cuairt air, fad is a bhí sé sa phríosún de bharr a bheith ciontaithe as mí-úsáid ghnéasach.

Thug an tEaspag Kirby ráiteas tráthnóna inniu áfach, ag rá go bhfuil an tuairisc seo mícheart, ag rá nach raibh aon eolas aige maidir le haon mhí-úsáid a bhain an sagart as aon leanbh i ndiaidh mhí Dheireadh Fómhair 1990 – an dáta a fuair sé amach faoin mí-úsáid ghnéasach ar dtús.

Suirbhé

An mbíonn tú i mbun obair dheonach?





Torthaí

Twitter