Tá na mílte feirmeoir le dul i mbun agóide os comhair na Dála inniu maidir le hathchóirithe a bhaineann leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CAP).
Deirtear go bhfuil siad ag dul in aghaidh moltaí atá á ndéanamh san Eoraip, a d’fhéadfadh laghdú de 30 faoin gcéad a chur i bhfeidhm maidir le Comhbheartas Talmhaíochta na hÉireann agus an buiséad atá i bhfeidhm.
Faoi láthair, faigheann earnáil na feirmeoireachta in Éirinn €1.6 billiún ón mbuiséad don Chomhbheartas Talmhaíochta (CAP) gach bliain.
Meastar go mbeidh thart ar 10,000 feirmeoir ar fad i mbun agóide inniu i mBaile Átha Cliath.











