Tá an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF) tar éis an ráta fáis atá á thuar don gheilleagar domhanda i mbliana, a laghdú anuas.
Tá tuarascáil nua eisithe anois, a thuarann nach mbeidh i gceist ach ráta fáis de 3.3 faoin gcéad i mbliana agus 3.6 faoin gcéad sa bhliain 2013.
Is cosúil go bhfuil roinnt saineolaithe ag tuar áfach go mbeidh fás éigin i gceist maidir le geilleagar na hÉireann i mbliana – an t-aon áit a mbeidh fás i gceist ann is dóigh leo. Deirtear áfach nach mbeidh sé éasca ná rud ar bith mar é.











