RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Pianbhreith príosúin do dhéagóir a chur tráchtanna gránna ar líne faoi April Jones

Nuacht is Déanaí

Pianbhreith príosúin do dhéagóir a chur tráchtanna gránna ar líne faoi April Jones

Táthar tar éis pianbhreith príosúin a ghearradh ar dhéagóir, a chur tráchtanna “gránna” ar an láithreán líonraithe shóisialta, Facebook, maidir leis an gcailín beag, April Jones, atá ar iarraidh sa Bhreatain Bheag.

Gearradh pianbhreith de 12 sheachtain ar Matthew Woods (19) as Lancashire as tráchtanna a chur ar an leathanach Facebook maidir le April Jones (5) agus Madeline McCann freisin.

Tá April ar iarraidh le seachtain anuas anois agus chonacthas go deireanach í ag spraoi taobh amuigh dá teach cónaithe in Machynlleth, Powys.

Tá Mark Bridger (46) cúisithe as an gcailín óg a fhuadach agus a dhúnmharú ach níl a corp aimsithe go fóill. Tá sé cúisithe chomh maith as cúrsa na córa a shaobhadh. Tá cuardach fós ag dul ar aghaidh le hiarracht a dhéanamh a corp a aimsiú.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
10:16AM Nov 01