Tuairiscítear anois go bhfuil sé ráite ag Grúpa Teicniúil na Dála le Mick Wallace nach bhfuil aon fháilte roimhe a bheith mar bhaill den ghrúpa.
Sheas an Teachta Dála neamhspleách, Mick Wallace, siar ón bpáirtí roinnt míonna ó shin, mar thoradh ar fhadhbanna a bhí aige maidir lena chúrsaí cánach.
D’admhaigh Wallace ag an am go raibh ganníocaíocht i gceist maidir le cáin bhreisluacha (CBL) a bhí le híoc ag a chomhlacht, MJ Wallace Ltd, leis na Coimisinéirí Ioncaim mar gheall ar árasáin a díoladh thar thréimhse de dhá bhliain. Deirtear go raibh suim de bhreis is €1.4 milliún i gceist.
Tugadh le fios go ndearna sé socrú leis na Coimisinéirí Ioncaim, €2.1 milliún a thabhairt dóibh mar gheall ar an méid a tharla.
Is cosúil go ndearna Wallace iarratas a bheith mar bhaill den ghrúpa teicniúil arís inniu ach diúltaíodh a iarratas.











