Tá Mark Bridger, atá 46 bliain d’aois, le dul os comhair na cúirte sa Bhreatain Bheag arís inniu trí nasc físe. Tá sé curtha i leith Bridger gur fhuadaigh agus gur dhúnmharaigh sé April Jones, nach raibh ach cúig bliana d’aois.
Cúisíodh é sa chúirt ar an Luan as an gcailín óg a fhuadach agus a dhúnmharú ach níl a corp aimsithe go fóill. Tá sé cúisithe chomh maith as cúrsa na córa a shaobhadh.
Tá April, a bhfuil pairilis cheirbreach uirthi, ar iarraidh le breis is seachtain anuas anois agus chonacthas go deireanach í ag spraoi taobh amuigh dá teach cónaithe in Machynlleth, Powys. Tá cuardach fós ag dul ar aghaidh le hiarracht a dhéanamh a corp a aimsiú.











