Tá sé fógartha anois go bhfuil comhlacht príobháideach chun clinic a oscailt i mBéal Feirste i dTuaisceart Éireann – clinic a mbeidh mná ábalta ginmhilleadh a fháil ann.
Is é seo an chéad chlinic (príobháideach) dá leithéid ar oileán na hÉireann – eagraíocht Marie Stopes. Meastar go mbeidh an tseirbhís seo á cur ar fáil ón Déardaoin seo chugainn ar aghaidh agus beidh mná ó phoblacht na hÉireann ábalta úsáid a bhaint as freisin.
Deirtear go bhfuil ionaid ag an eagraíocht seo i 42 tír éagsúla ar fud an domhain ar fad.
Is í Dawn Purvis – an t-iarcheannaire a bhí ar an bPáirtí Aontachtach Forásach i dTuaisceart Éireann – stiúrthóir an chlinic nua seo.











