Tá buachaill óg, dhá bhliain d’aois, ag teacht aige faoi láthair tar éis dó deoch meisciúil a fháil le hól i mbialann trí thimpiste, a deirtear.
Is cosúil gurb é breithlá an bhuachalla óig a bhí ann agus go raibh sé sa bhialann i Swansea ag ceiliúradh in éineacht lena mhuintir, nuair a tugadh fuisce dó le hól in áit a dheoch féin.
Tuairiscítear go gcreideann a thuismitheoirí go ndearna freastalaithe na bialainne botún agus gur mheasc siad suas an dá ordú agus go raibh siad ceaptha an fuisce a thabhairt do chóisir stumpaí a bhí ag bord eile in aice leo.
B’éigean an buachaill óg a thabhairt chuig an ospidéal ach scaoileadh abhaile go gairid ina dhiaidh sin é. Deirtear go bhfuil leithscéal gafa ag lucht na bialainne.











