Deirtear anois go bhfuil Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) tar éis leithscéal a ghabháil le bean ar tugadh diagnóis mhícheart di maidir le hailse chíche a bhí uirthi.
Deirtear gur tugadh an dhiagnóis mhícheart do Olive Fahey (56), as Durlas, Co Thiobraid Árann, trí huaire ar fad. Is cosúil go raibh sí ag tabhairt cás cúirte i gcoinne Fheidhmeannach na Seirbhís Sláinte (HSE) féin, Ospidéal Barringtons i Luimneach agus oifigigh éagsúla eile leighis freisin ag Ospidéal na hOllscoile Gaillimh, as faillí a dhéanamh.
Deirtear gur tháinig siad ar shocrú inniu áfach san Ard-Chúirt, tar éis don HSE leithscéal a ghabháil. Ní fios cén socrú a rinneadh ach creidtear go bhféadfadh sé go bhfuair sí suim mhór airgid uathu (sé fhigiúr).
Is cosúil go bhfuil Olive tagtha slán ón ailse anois ach deirtear go bhfuil seans láidir ann fós go bhféadfadh sé teacht ar ais.











