Tá an HSE le dul chuig an gCúirt Oibreachais tar éis do na cainteanna maidir le socrú d’athruithe oibre do lianna comhairleacha ospidéil titim as a chéile.
Tagann sé seo tar éis cruinniú idir bainistíocht na seirbhíse sláinte agus grúpaí na lianna comhairleach an IMO agus IHCA inné maidir le dul chun cinn a dhéanamh ar an gcomhaontú ar thángthas air an gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais an mhí seo caite.
Níor thángthas ar réiteach ag na cainteanna, cé go bhfuil na hathruithe le teacht i bhfeidhm an 5 Samhain.











