Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Céadaoin 19 Meitheamh 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Ní leor díriú ar Ozil, a deir O'Shea

Ní leor díriú ar Ozil, a deir O'Shea

Ríomhphost Priontáil PDF
Deir imreoir Phoblacht na hÉireann John O’Shea nach é Mesut Ozil an t-aon duine atá le stopadh acu má tá siad chun aon rud a bhaint as cluich na hoíche anocht in aghaidh na Gearmáine.

Tá go leor cainte déanta le seachtain anuas faoi straitéis Giovanni Trapattoni le déileáil le Ozil, agus é ráite ag an Iodálach go mbeidh ar dhuine de na himreoirí lár páirce súil ghéar a choinneáil air.

Ach deir O’Shea, a bheidh ina chaptaen anocht de bharr go bhfuil Robbie Keane gortaithe, go bhfuil sé contúirteach díriú ar fhear amháin.

Deir sé: “Is imreoir den scoth é, ach má dhírímid ar imreoir amháin tá neart imreoirí eile ag an nGearmáin chun damáiste a dhéanamh.

Suirbhé

An mbíonn tú i mbun obair dheonach?





Torthaí

Twitter