RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Beirt fhear gafa i gCo an Chabháin maidir le fear a maraíodh nuair a sádh é

Nuacht is Déanaí

Beirt fhear gafa i gCo an Chabháin maidir le fear a maraíodh nuair a sádh é

Tá beirt fhear gafa go dtí seo ag Gardaí i gCo an Chabháin, maidir le fear a maraíodh ansin tar éis dó a bheith sáite go dona.

Sádh an fear, a bhí sna ceathrachaidí, in árasán ar Shráid Uí Chonghaile i mbaile an Chabháin ag thart ar 11pm ar an Satharn, an 13 Deireadh Fómhair.

Fógraíodh go deireanach aréir go raibh fear amháin, sna ceathrachaidí freisin, gafa ag Gardaí maidir leis an gcás agus fógraíodh ansin ar maidin inniu, go raibh fear eile gafa acu, nach bhfuil ach sna tríochaidí. Tá an bheirt á gcoimeád i láthair na huaire.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
05:45AM Oct 23