Tá triúr leanaí agus bean amháin maraithe mar thoradh ar thine a bhí i dteach in Essex sa Bhreatain.
Deirtear go bhfuil triúr eile ar fad san ospidéal freisin mar thoradh ar an tine seo a bhí i dteach cónaithe ag Barn Mead, Harlow. Glaodh amach ar lucht múchta dóiteán chuig an teach ag thart ar 1.45 am ar maidin inniu.
Fógraíodh ag an láthair go raibh beirt bhuachaillí, sé bliana d’aois agus 13 bliana d’aois, cailín amháin, 11 bhliain d’aois agus bean eile marbh. Creidtear gurb í an bhean seo máthair na leanaí.
Ní fios go fóill céard ba chúis leis an tine ach tá fiosrúchán á reáchtáil faoi láthair.











