Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Céadaoin 19 Meitheamh 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Tús curtha le fiosrúchán inniu maidir leis an mbád cúrsála Costa Concordia

Tús curtha le fiosrúchán inniu maidir leis an mbád cúrsála Costa Concordia

Ríomhphost Priontáil PDF

Bhí captaen an bháid chúrsála, Costa Concordia, a d’iompaigh ar a thaobh amach ó chósta na Tuscáine ag tús na bliana seo, i láthair ag fiosrúchán inniu, atá á reáchtáil maidir leis an eachtra.

Tharla an eachtra i mí Eanáir na bliana seo, nuair a chuaigh an bád suas ar charraigeacha agus ansin, d’iompaigh sé ar a thaobh in aice leis an oileán Giglio. Maraíodh 32 duine ar fad mar thoradh ar an tubaiste seo.

Dúirt an captaen, Francesco Schettino, nach raibh aon iallach air féin a bheith i láthair inniu ach is cosúil gur theastaigh uaidh a bheith ann.

Tugadh le fios níos túisce inniu go bhfuiltear chun an t-eolas ó bhosca dubh an bháid a chur in iúl le linn an fhiosrúcháin freisin.

Tá an milleán curtha ar an gcaptaen mar gheall ar an méid a tharla agus mar gheall go ndeirtear gur imigh sé den bhád agus paisinéirí fós ar bord. Tá cúiseanna éagsúla curtha ina leith – dúnorgain ina measc.

Suirbhé

An mbíonn tú i mbun obair dheonach?





Torthaí

Twitter