Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 24 Bealtaine 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Níor éirigh leis an achomharc a rinne sáirsint maidir le hionsaí ar fhear i bPort Láirge

Níor éirigh leis an achomharc a rinne sáirsint maidir le hionsaí ar fhear i bPort Láirge

Ríomhphost Priontáil PDF

Níor éirigh leis an achomharc a rinne sáirsint in aghaidh a ciontaithe maidir le hionsaí a rinneadh ar fhear, fad is a bhí sé á ghabháil i bPort Láirge.

Ciontaíodh triúr gardaí ar fad maidir leis an ionsaí a rinneadh ar Anthony Holness (39) i mí Eanáir 2010. Gearradh pianbhreith ar bheirt acu agus cuireadh an phianbhreith, de cheithre mhí, a gearradh ar an Sáirsint Martha McEnery as Co Chorcaí, ar fionraí.

D’éirigh leis an Sáirsint urghaire a fháil ón Ard-Chúirt, ionas nach bhféadfaí í a chur as a bpost, go dtí go mbeadh a fhios cén toradh a bheadh ar a hachomharc. Theip ar a hachomharc inniu áfach.

Rinne duine de na Gardaí eile, John Burke, achomharc chomh maith céanna, ach theip air freisin.

Suirbhé

An raibh ort déileáil le bulaíocht ag aon am ag an obair/ar scoil?




Torthaí

Twitter