Tá sé tuairiscithe anois go bhfuil comhlacht mór éadaí, atá bunaithe sna Stáit Aontaithe, tar éis cás cúirte a thabhairt i gcoinne siopa beag éadaí i Luimneach, anseo in Éirinn.
Deirtear gur éirigh leis an gcomhlacht, Abercrombie & Fitch, maidir leis an gcás cúirte a thug siad i gcoinne McGazz Ltd – miondíoltóir éadaí i Luimneach. Dúradh sa chúirt gur sháraigh McGazz Ltd an tAcht Trádmhairc mar gheall gur dhíol siad éadaí, gan cead a bheith faighte acu ón déantúsóir ar chor ar bith.
Is cosúil gur aimsíodh 800 mír d’éadaí Abercrombie & Fitch ar fad ag siopa McGazz i mí an Mheithimh tar éis den chomhlacht mór ordú cúirte a fháil.
Dúirt úinéir McGazz nach raibh na héadaí góchumtha agus gur cheannaigh sé iad i siopaí Abercrombie & Fitch sna Stáit Aontaithe. Thug sé le fios gur íoc sé dleacht agus cáin orthu.
Ní cheadaíonn an comhlacht Abercrombie & Fitch d’aon dream eile a gcuid éadaí.











