RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Cúnamh dlí á lorg ag Joe O'Reilly, atá ciontaithe as a bhean a mharú

Nuacht is Déanaí

Cúnamh dlí á lorg ag Joe O'Reilly, atá ciontaithe as a bhean a mharú

Tá sé tugtha le fios anois go bhfuil iarratas á dhéanamh ag Joe O’Reilly, a ciontaíodh as a bhean a dhúnmharú, chun cúnamh dlí a fháil le tús a chur le hachomharc nua.

Ciontaíodh Joe O’Reilly sa bhliain 2007 as a bhean chéile, Rachel O’Reilly, a dhúnmharú. Maraíodh í san Aill i mBaile Átha Cliath in 2004. Rinne sé achomharc cheana in 2009 ach theip air.

Tá súil aige an babhta seo go n-éireoidh leis. Is í an argóint a deirtear a bheidh aige ná gur iomrall ceartais a bhí i gceist maidir lena chás.

Cuireadh a iarratas ar athló inniu ag an gCúirt Achomhairc Choiriúil, go dtí an mhí seo chugainn, le go mbeifear ábalta déanamh amach an bhfuil sé i dteideal cúnamh dlí a fháil.

Ní raibh sé féin i láthair sa chúirt inniu.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
11:08AM Oct 20