Meastar go ndéanfaidh an Chúirt Uachtarach cinneadh inniu maidir le hachomharc atá déanta ag Seán Quinn (sóisear).
Tá an t-achomharc seo á dhéanamh aige maidir lena chiontú agus a phríosúnacht as díspeagadh cúirte. Gearradh pianbhreith de thrí mhí sa phríosún air i mí Iúil. Deirtear gur sháraigh sé orduithe cúirte a bhí curtha i bhfeidhm, ionas nach bhféadfá dada a dhéanamh le réadmhaoin (€500m) an teaghlaigh.
Deirtear go ndearna sé iarracht cistí a choinneáil ó lámha an IBRC, nó Anglo Irish Bank mar a thugtaí orthu.











