Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Máirt 18 Meitheamh 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Go leor bóithre i mBaile Átha Cliath dúnta mar gheall ar thuilte

Go leor bóithre i mBaile Átha Cliath dúnta mar gheall ar thuilte

Ríomhphost Priontáil PDF

Tá drochbhail ar go leor áiteanna in Éirinn ar maidin inniu mar thoradh ar thuilte atá i gceist ó bháisteach throm a chaith sé aréir.

Deirtear go bhfuil rabhadh tugtha ag lucht na haimsire, Met Éireann, arís inniu freisin go leanfaidh an bháisteach throm ar aghaidh don lá inniu agus go mbeidh gaoth láidir in áiteanna freisin.

Is cosúil go bhfuil a lán bóithre i gCorcaigh nach féidir taisteal orthu ar chor ar bith mar thoradh ar thuilte agus tá a lán áiteanna i gceist i mBaile Átha Cliath freisin: Bóthar an Mhíle Fhada, Bóthar Pheambróg, Bóthar Northumberland, Bóthar Bhaile Coimín i dTamhlacht, Ráth Miontáin, Ascaill Foster, Bóthar Shéipéal Iosóid (ar an mbealach amach ag an timpeallán ag Bóthar Bhaile Phámar agus Bóthar Bhaile Bhailcín.

Tá na Ceapóga Sú Talán dúnta ó Larachon go Tinkers Hill agus ní féidir dul tríd Páirc Shliabh Bladhma, Droimeanach.

Suirbhé

An mbíonn tú i mbun obair dheonach?





Torthaí

Twitter